Tá Lucy Liu ag teacht chuig Féile Scannán Bhéal Feirste

07/10/2025

Bronnfar gradam speisialta ar Lucy Liu ag Féile Scannán Bhéal Feirste i mbliana

Beidh an t-aisteoir cáiliúil Hollywood, Lucy Liu, ag teacht go Béal Feirste go luath mar chuid d’Fhéile Scannán Bhéal Feirste, a bheidh ar siúl ó 30 Deireadh Fómhair go 8 Samhain.

Tá sí ag fáil an Gradam Réalta — gradam a cruthaíodh chun aitheantas a thabhairt do lucht scannánaíochta a úsáideann a gceird ar mhaithe leis an tsochaí.

Lucy Liu. Pictiúr: Dominik Bindl Getty Images for Tribeca Festival
Lucy Liu. Pictiúr: Dominik Bindl Getty Images for Tribeca Festival

Tá Liu ag fáil an gradam seo dá léiriú cumhachtach mar Irene sa scannán Rosemead, á stiúradh ag Eric Lin.

Sa scéal, is máthair í Irene atá faoi bhrú mór, ag iarraidh a mac Joe a chosaint óna chuid fadhbanna meabhrach agus ó na hiarmhairtí foréigneacha a d’fhéadfadh teacht astu.

Tá an scannán tar éis roinnt duaiseanna a bhaint amach cheana féin ó eisíodh é níos túisce i mbliana.

Beidh Lucy Liu i láthair ar an 2 Samhain ag Cineworld i mBéal Feirste, áit a mbeidh ócáid speisialta ‘In Conversation’ ar siúl léi, chomh maith le céad léiriú Rosemead in Éirinn.

Beidh sí ag tabhairt isteach an scannáin féin don lucht féachana, rud a chuireann go mór leis an ócáid.

Insíonn Rosemead scéal Irene, bean a tháinig go Meiriceá ag lorg an aisling Mheiriceánaigh. Phós sí Charles, bhaineadar rath amach le gnó priontála i Los Angeles, agus bhí mac álainn acu darb ainm Joe.

Tar éis bhás Charles, tá Irene ag streachailt le coinneáil greim ar an saol a thóg siad le chéile, agus tá sí ag déileáil le scitsifréine (schizophrenia) Joe.

Creideann sí gur freagracht na máthar amháin atá i dtrioblóidí a mic, agus go bhfuil náire ag baint le tinneas meabhrach. Is é an t-aonrú atá aici a sciath — agus a príosún féin.

Beidh an ócáid ‘In Conversation’ agus an scagadh de Rosemead mar imeachtaí ar leith, agus beidh ticéid ar fáil do gach ceann acu ar leithligh.

Tá Féile Scannán Bhéal Feirste ag ceiliúradh a 25ú bliain i mbliana, agus tá clár lán le himeachtaí spreagúla ann chomh maith le Lucy.

Ina measc, beidh scagadh den scannán Saipan, a insíonn scéal an choimhlint cháiliúil idir Roy Keane agus Mick McCarthy roimh Chorn Domhanda 2002.

Screenshot 2025 10 07 073844

Fuair an scannán seo a chéad taibhiú domhanda ag TIFF an mhí seo caite, agus beidh sé le feiceáil mar scannán deiridh na féile i mBéal Feirste ar an 8 Mí na Samhna.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram