An rás don Áras/Uimhir 1: Jim Gavin: An nglacfaidh daoine faoin tuath le Dub?

18/09/2025

Toghchán don Áras: Mar chuid dár gclúdach toghcháin, tá ExtraG ag cur na n-iarrthóirí go léir i láthair. Beidh na hailt go léir ar fáil ar ExtraG.ie. Seo Jim Gavin

Le bheith i do pholaiteoir sa lá atá inniu ann, ní mór duit a bheith mór le rá ar na meáin shóisialta. Agus tá Jim Gavin tar éis é sin a fháil amach.

Mar sin féin, is polaitíocht é, Jim, ach ní mar a thuigimis é.

Rinne sé botún mór agus é ag caint faoi Iosrael i nGaza, ag rá go bhfuil a ndóthain déanta acu i dtaobh an cuspóir míleata.

Ní sin atá daoine ag postáil faoi, áfach, ach a bhrístí bána agus an geata oscailte nuair a rinne Fianna Fáil físeán caidreamh poiblí leis ar fheirm.

Screenshot 2025 09 18 205305

Más tús maith leath na hoibre, an é tús dona an obair dhúbailte – más ea, ní raibh eagla ar Jim riamh roimh dhúshlán.

Beidh ainm Jim Gavin, atá 54 bliain d’aois, le cloisteáil go deo i stair an CLG. Bhí is ina bhainisteoir ar fhoireann peile na Dubs ó 2012 go 2019, tréimhse ina bhuaigh siad sé Chraobh na hÉireann, lena n-áirítear cúig as a chéile.

Is éacht iontach é sin, ach tá taobh diúltach leis. Cloistear daoine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ag rá: ‘Ní vótálfainn ar son an Dub sin riamh.’ Ach níl siad ag úsáid an fhocail ‘Dub’.

Jim Gavin Brendan Moran Sportsfile
Jim Gavin, iarbhainisteoir Baile Átha Cliath. Pictiúr: Brendan Moran/Sportsfile

Tá paisean láidir fós don pheil agus don chontae ar fud na hÉireann.

Chuir sé síos ar a mhodhanna cóitseála, ag rá go raibh sé tábhachtach a imreoirí a choinneáil ocrasach agus go dtuigfidís ‘nach raibh muid riamh mar an fhoireann críochnaithe’.

Jim agus Jennifer Gavin VIPIRELANDCOM
Jim agus a bhean chéile Jennifer Gavin agus an Ghradaim Spóirt RTÉ i 2013. Pictiúr: VIPIRELAND.com

Bhí sé i gceannas ar Choiste Athbhreithnithe Peile (Football Review Committee) CLG freisin, rud a thug athruithe móra isteach ar an gcaoi a n-imrítear peil. Agus tá moladh mór faighte aige féin, agus ag na rialacha, as an gcluiche a fheabhsú.

Ach ní hé an pháirc imeartha amháin a bhfuil Gavin ina laoch ann.

Jim Gavin leis a chlann Brendan Moran Sportsfile
Jim Gavin leis a chlann. Pictiúr: Brendan Moran/Sportsfile

Rugadh é i gCluain Dolcáin agus tá baint láidir ag a theaghlach le Áras Chrónáin sa sráidbhaile. Chuaigh sé isteach sna Fórsaí Cosanta ag aois 18. Chaith sé 20 bliain san Aerchór, ag éirí go rang Ceannasaí Eitilte.

D’oibrigh sé le misean na Náisiún Aontaithe sa Mheánoirthear agus san Afraic freisin.

Jim Gavin 4
Jim Gavin agus a pháistí i 2013. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tar éis dó éirí as an arm, ghlac sé róil shinsearacha san Údarás Eitlíochta na hÉireann (Irish Aviation Authority) mar Phríomhoifigeach Oibríochtaí.

Bí sé gníomhach i seirbhís phoiblí freisin – ina chathaoirleach ar Thionól Saoránach Bhaile Átha Cliath agus ar Thascfhórsa an Lárchathair Thoir Thuaidh.

Na brístí bána agus an geata oscailte
Na brístí bána agus an geata oscailte

Tá Gavin pósta le Jennifer agus tá beirt pháiste acu. Dúirt sé go spreagann a chlann é ‘le bheith ar a fheabhas gach lá’.

Agus é ag tabhairt faoin bhfeachtas, tá sé ag cur béime ar a luachanna mar ‘Phoblachtach bunreachtúil’, ag rá gur vótáil sé ar son athrú i reifreann an ghinmhillte agus pósadh comhghnéis.

Bhí sé i gceannas ar Choiste Athbhreithnithe Peile (Football Review Committee) CLG
Bhí sé i gceannas ar Choiste Athbhreithnithe Peile (Football Review Committee) CLG

Bhí an próiseas roghnaithe laistigh d’Fhianna Fáil dian. Bhuaigh Gavin an vóta rúnda 41-29 in aghaidh Billy Kelleher, MEP agus iar-aire stáit.

Dúirt Gavin: ‘Tá mo shaol fite fuaite le seirbhís don phobal agus don tír. Tá mé réidh le freastal arís mar Uachtarán gníomhach a thugann cuairt ar gach cúinne den oileán.’

Tá stair fhada ag Jim Gavin leis an CLG
Tá stair fhada ag Jim Gavin leis an CLG

Tá tacaíocht láidir aige ó cheannaire an pháirtí, Micheál Martin, a dúirt go ndéanfaidh Gavin ‘Uachtarán den scoth’ mar gheall ar a thaithí mar shíochánaí, píolóta agus bainisteoir CLG.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram