An féidir le Bertie a bheith ina Uachtarán do ghlúin Westlife?

26/08/2025

Tá mac céile Bertie Ahern, Nicky Byrne as Westlife, tar éis sean-agallamh leis an iar-Thaoiseach a roinnt arís. San agallamh tá sé ag caint faoi sheasamh don Uachtaránacht. Mar sin, cad atá ar siúl aige?

Tá Nicky Byrne, ball de Westlife, tar éis agallamh a rinne sé lena athair céile, Bertie Ahern, a athfhoilsiú ar na meáin shóisialta. San agallamh sin thug an t-iar-Thaoiseach le fios go láidir go bhfuil sé ag smaoineamh ar sheasamh mar Uachtarán na hÉireann.

Rinneadh an comhrá ocht mí ó shin, ach tá a atheisiúint anois, cúpla seachtain roimh spriocdháta na n-ainmniúchán, tar éis ráflaí úra a chur faoi Ahern agus a rún dul sa rás don Áras.

Nicky Byrne
Nicky Byrne

San agallamh podchraolta, dúirt Bertie go bhfuair sé ‘ríomhphoist, litreacha agus glaonna’ ag impí air seasamh.

Mhínigh sé go bhfuil sé ar Chomhairle an Stáit, agus gur chaith sé beagnach 30 bliain i ranna éagsúla Rialtais, trí thréimhse mar Thaoiseach san áireamh.

‘Tá an córas ar eolas agam ó bhonn,’ a dúirt Bertie, ‘agus níl aon duine eile a bhfuil an taithí sin acu.’

Dúirt sé freisin nach raibh mórán ciall leis, dar leis, seasamh mar Neamhspleách.

‘Feicfimid conas a rachaidh rudaí,’ a dúirt Bertie.

Ní fios fós an bhfuair Nicky Byrne cead dá athair céile an t-agallamh a scaipeadh.

Bertie Ahern
Bertie Ahern

Is cuimhin le go leor daoine gur chuir Micheál Martin Bertie as an bpáirtí tar éis Thuarascáil Mahon, a dúirt nach ndearna sé cuntas iomlán ná fírinneach ar chuid dá airgead idir 1993 agus 2007.

Ach in ainneoin sin, tá an físeán anois ag scaipeadh go forleathan i measc bhaill Fhianna Fáil, rud atá ag cur brú bhreise ar an Taoiseach iarrthóir inmharthana a chur chun cinn.

Dúirt foinse amháin ón bpáirtí: ‘Rinne Micheál an fhadhb seo dó féin. Níor shocraigh sé amchlár soiléir agus anois tá sé ag streachailt leis an gceist.’

Tá Micheál Martin ag rá go bhfógróidh sé polasaí an pháirtí an mhí seo chugainn. Mar sin féin, mheabhraigh an Feisire Eorpach Billy Kelleher go bhfuil sé seo ‘ró-dhéanach’ do bhaill an pháirtí a mbeidh an dualgas orthu iarrthóir a roghnú.

Micheál Martin
Micheál Martin

Dúirt Kelleher gur cheart d’Fhianna Fáil, mar pháirtí is mó sa Dáil, sa Seanad agus i rialtas áitiúil, a bheith gníomhach sa chomórtas uachtaránachta.

Mar sin féin, is cosúil nach mbeidh ceannaire an pháirtí ag iarraidh orthu a bheith gníomhach ar son Bertie Ahern.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram