An milleán á chur ar na feirmeoirí as costas ard bia, an bhfuil sin cothrom?

19/08/2025

Tá costas bia ag éirí chomh hard sin go bhfuil teaghlaigh ag streachailt ach deir na feirmeoirí nach iadsan atá le milleán

Táthar ag cur an milleáin ar na feirmeoirí as ardú mór i bpraghsanna grósaera, de réir mar a d’ardaigh praghsanna ag geata na feirme beagnach cúigiú cuid le bliain anuas.

Ach deir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) nach bhfuil sé sin fíor.

Dúirt Francie Gorman, Uachtarán an IFA: ‘Is glacadóirí praghais iad feirmeoirí – ní féidir linn praghas a bhrú suas'
Dúirt Francie Gorman, Uachtarán an IFA: ‘Is ‘glacadóirí praghais’ iad feirmeoirí – ní féidir linn praghas a bhrú suas’

Dar leo, is polasaithe ón Aontas Eorpach atá ag laghdú an méid bia atá le táirgeadh is cúis leis.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón CSO, is ar eallach (cattle) a chonacthas an t-ardú is mó, beagnach 44%, agus tháinig méadú 12% ar bhainne.

Cé go bhfuil roinnt costais ag dul i méid, cosúil le leasachán (fertiliser)  (+10%) agus seirbhísí tréidliachta (veterinary) (+5%), níor ardaigh costais iomlána na bhfeirmeoirí ach thart ar 1% thar an bhliain.

De réir an Choimisiúin Iomaíochta agus Cosanta Tomhaltóirí (CCPC), tá dhá chúis leis an ardú seo i bpraghsanna:

1.     Tá Éire costasach mar thír chun gnó a dhéanamh inti, mar gheall ar thuarastail níos airde agus costais i dtógáil, árachas agus seirbhísí dlí.

2.     Tá táirgeoirí bia, lena n-áirítear feirmeoirí, ag iarraidh a gcuid brabúis a mhéadú.

Deir Tadhg Buckley ón IFA áfach, nach iad na feirmeoirí atá an locht.

Dúirt sé: ‘Tá praghsanna grósaera in Éirinn tar éis ardú 27% le trí bliana anuas – níos ísle ná meán an AE, atá 35%.

‘Tá sé tábhachtach a rá gur sinne an t-aon tír san AE nár mhéadaigh praghsanna bia idir 2008 agus 2023.’

Thug sé le fios go raibh costais fheirmeoirí ag ardú go mór idir 2021 agus 2023, agus anois tá soláthar feola agus bainne laghdaithe go forleathan ar fud an AE.

Mar shampla, tháinig laghdú 218,000 ar líon na mbó in Éirinn idir 2023 agus Nollaig 2024.

Dúirt Francie Gorman, Uachtarán an IFA: ‘Is ‘glacadóirí praghais’ iad feirmeoirí – ní féidir linn praghas a bhrú suas.

‘Má táimid ag táirgeadh níos lú, ardaíonn an praghas. Tá sé bunaithe ar sholáthar agus éileamh.’

Dúirt sé freisin gur polasaí an AE atá ag brú síos ar tháirgeadh atá ag cruthú na faidhbe, agus go bhfuil an tsochaí i mbaol slándáil bia a chailleadh amach anseo.

Idir an dá linn, chuir Michael Kilcoyne ón gComhlachas Tomhaltóirí na hÉireann (Consumers’ Association of Ireland) ceist faoi ról An Rialálaí Agraibhia (Agri-Food Regulator), a bunaíodh chun súil a choinneáil ar na ceisteanna seo.

‘Caithfear soiléiriú a thabhairt – cé atá ag déanamh brabúis mhóir anseo?’ a d’fhiafraigh sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram