

Tá níos mó ná trian d’imreoirí rugbaí scoile na hÉireann sásta leanúint ar aghaidh ag imirt agus iad ag fulaingt ó chomhtholgadh (concussion), de réir staidéir nua.
Faoi rialacha IRFU, ba chóir d’imreoirí cluiche a fhágáil láithreach má bhíonn amhras orthu go bhfuil comhtholgadh orthu.
Mar sin féin, dúirt taighdeoirí go bhfuil sé soiléir go bhfuil tionchar ag brú cluichí rugbaí tábhachtacha ar dhearcadh roinnt imreoirí i leith an ghortú inchinne fós.

Léirigh an staidéar gur mhaígh 11% d’imreoirí scoile go raibh siad den tuairim go pearsanta gur chóir d’imreoir a raibh comhtholgadh air filleadh ar an imirt le linn cluiche leathcheannais, i gcomparáid le 4% d’imreoirí club.
Rinne taighdeoirí i Scoil an Leighis, UCC agus Ospidéal Ollscoile Chorcaí suirbhé ar bhreis is 520 imreoir rugbaí cláraithe le IRFU ó 17 gclub.
Fuair siad amach go bhfuil 35% d’imreoirí rugbaí scoile sásta leanúint ar aghaidh ag imirt agus tinneas cinn orthu de bharr comhtholgadh éadrom.
Scríobh na taighdeoirí go raibh an dearcadh seo mar ‘ábhar imní beag’.
Dúirt Richard Boardman, aturnae Briotanach a dhéanann ionadaíocht ar bhreis is 1,000 iar-imreoir rugbaí i gcás dlí maidir le díobháil inchinne, go bhfuil imní air faoi na himreoirí reatha.
Dúirt sé: ‘Ar an drochuair, táimid ag feiceáil na laigí néareolaíocha céanna ag gach leibhéal den chluiche.’
Léirigh staidéar UCC go dúirt 20% d’imreoirí scoile go mbraithfeadh formhór na lúthchleasaithe gur cheart d’imreoir a raibh comhtholgadh air atosú ag imirt le linn cluiche leathcheannais, i gcomparáid le 9% d’imreoirí club.
Fuair taighdeoirí amach freisin, ar an iomlán, gur éirigh le himreoirí rugbaí in Éirinn comharthaí comhtholgadh a aithint i gceart 78% den am.
Mar sin féin, tá ‘bearna shuntasach eolais’ ann faoi ghalar contúirteach inchinne atá nasctha le comhtholgadh.
Tá thart ar 20,000 imreoir club cláraithe sa Phoblacht chomh maith le 22,600 imreoir scoile.
Dúirt urlabhraí don IRFU: ‘Táimid ar an eolas faoi thuairisc le déanaí i leith comhtholgadh i gcluiche na scoile.’
‘Léirigh sonraí IRFU féin, tríd an staidéar IRIS atá ar siúl, seo cheana féin agus tá an IRFU ag obair go réamhghníomhach leis na páirtithe leasmhara (stakeholders) i gcluiche na scoile ar fud na gcúigí go léir chun aghaidh a thabhairt air seo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.