

Tar éis cluiche drámatúil, tá Gaillimh corónaithe mar seaimpíní shinsearacha camógaíochta na hÉireann don chúigiú huair.
D’imir Gaillimh i gcoinne Chorcaigh agus chuir siad cosc orthu trí chluiche as a chéile a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, agus an dá fhoireann ag iarraidh Corn Uí Dhuibhigh a ardú.
Mar sin féin, ní raibh ann ach ceann amháin de thrí chluiche ceannais camógaíochta iontacha le linn lá den scoth siamsaíochta i bPáirc an Chrócaigh.
Roimh an gCluiche Ceannas Sinsearach bhí an Cluiche Ceannas Sóisearach idir Ard Mhaca agus Laois, agus an Cluiche Ceannas Idirmheánach idir Uíbh Fhailí agus Ciarraí.

An Chluiche Ceannas Sóisearach: Ard Mhaca v Laois
Bhí sé soiléir ón chéad leath go mbeadh cluiche suntasach iomaíoch os ár gcomhair. Thosaigh Laois le cúl iontach taobh istigh den chéad nóiméad.
Bhíodar ag bagairt don chúl. Mar sin féin, bhí Ard Mhacha in ann troid go láidir.
Bhíodar in ann seilbh a fháil ar ais agus Laois á chur faoi bhrú. B’fhéidir gur faoiseamh a bhí ar Laois leis an scór leath ama. Chríochnaíodar an leath ag comhscór – Ard Mhacha: 0:08 – Laois: 1:05.
Bhí Laois i gceannas ar an gcluiche sa dara leath.
Thosaigh Ard Mhaca le 2 pointe maithe. Ach ansin, ghlac Laoise seilbh ar an gcluiche.
Cluiche fíor-sceitimíneach a bhí ann, agus bhí an bua tuillte ag Laois.
Imreoir an cluiche – Gráinne Delaney
An Cluiche Ceannais Idirmheánach: Uíbh Fhailí v Ciarraí
Bhí tús bríomhar ag Uíbh Fhailí le 4 pointe laistigh den chéad cúig nóiméad. Ach ar an drochuair, níor mhair an fuinneamh sin.
D’fhan an dá fhoireann ghar dá chéile i rith an chéid leath.
Ní raibh an gnáth-shuaimhneas ag Uíbh Fhailí os comhair an chúil.
Bhí go leor deiseanna ag Uíbh Fhailí chun ceannas suntasach a chruthú, ach níor bhain siad leas as na deiseanna sin.
Thaispeáin Ciarraí agus Uíbh Fhailí araon a gcuid scileanna cosanta láidre, go háirithe Uíbh Fhailí.
D’éirigh le hUíbh Fhailí Ciarraí a choinneáil siar i rith an chéad leath. Chuaigh Uíbh Fhailí isteach sa bhris le pointe amháin chun tosaigh – Uíbh Fhailí 0:08 – Ciarraí 0:07.
Ní fhéadfainn a rá go raibh scéal an dara leath dhifriúil.
Ba é an chuid ba spreagúla ná an tarraingt ar an ngeansaí i dtreo dheireadh an chluiche, rud a thug ceithre phointe chun tosaigh d’Uíbh Fhailí.
Cluiche iomaíoch a bhí ann ag deireadh an lae. Ach ní bheidh Uíbh Fhailí ag smaoineamh faoi sin anois.
Ba í Grace Teehan Imreoir an Cluiche – gradam a bhí tuillte aici.

An Cluiche Ceannas Sinsearach: Gaillimh v Corcaigh
Cluiche conspóideach a bhí ann idir Gaillimh agus Corcaigh, seaimpíní na Craoibhe 2024 agus 2023.
Bhíomar ag súil le cluiche lán le hionsaithe spleodracha agus cinnte, níor sheas na himreoirí siar in aon chor.
Fuair an Gaillmheach Mairéad Dillion cúl den scoth tar éis 13 nóiméad mar gheall ar phas iontach ó Aoife O’Donoghue.
Bhí cárta dearg ag Hannah Looney roimh leath ama mar gheall ‘clothesline’ feargach.
Thóg Gaillimh smacht ar an gcéad leath, cé go raibh súil go mbeadh an bua ag Corcaigh
Bhí cuma I bhfad níos ocraí ar Chorcaigh sa dara leath. Fuair Emma Murphy an chéad phointe sa dara leat tar éis 36 nóiméad.
Bhíodar spreagadh chun scéal an chluiche a athrú, fiú gan tionchar Hannah Looney.

Bhí na cúig nóiméad deireanach go hiontach.
Fuair Meabh Cahalane cúl thar barr ag 60 nóiméad chun an chluiche a tharraingt go comhscór. Ach bhí imreoirí an iarthair in ann pointe amháin eile a fháil chun Corn Uí Dhubhthaigh a dhaingniú.
Cluiche den chéad scoth a bhí ann. Níor cheart go mbeadh díomá ar Chorcaigh. Bhíodar ar fheabhas. Ach tá Corn Uí Dhubhthaigh tuillte ag Gaillimh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.