

Tá áthas ar Niamh de Brún agus ar an imreoir iománaíochta cáiliúil TJ Reid a fhógairt go bhfuil siad ag súil le páiste eile.
Roinneadar an dea-scéal ar na meáin shóisialta le físeán gleoite díobh féin lena n-iníon Harper, agus ‘baby due 2025’ scríofa acu ar bhalla bán le péint dhonn.
Sa ghearrfhíseán, feictear an triúr gléasta go simplí i léinte bána agus jeans gorma, ag gáire agus ag ceiliúradh an nóiméid speisialta.

Taispeánann siad freisin scanadh den leanbh nua, ag cur deireadh le haon dabht faoin teachtaireacht.
Dúirt Niamh go magúil: ’Tá réamhshéasúr faoi lán seoil do Harper ina róil nua mar dheirfiúr mhór!’ Agus chuir sí leis: ‘Táimid fíorbhuíoch go bhfuil ár gclann ag fás.’
Tá suim ar leith aici sa Ghaeilge – ní haon ionadh é sin mar is é a hathair, Seán, údar an chláir Ghaeilge, Bua na Cainte.
D’fhreastail sí ar Ghaelscoil agus í óg.
Fuair an lánúin moladh agus comhghairdeas ó chairde agus daoine cáiliúla ar nós Anna Geary, Louise Cooney, Jenny Dixon agus Tadhg Fleming.
Rugadh a gcéad pháiste, Harper, i mí na Samhna 2022 tar éis a bpósadh álainn i Adare Manor an bhliain roimhe sin.

Tá Niamh tar éis labhairt go hoscailte san am a chuaigh thart faoi dhaoine ag cur brú uirthi maidir le páistí, ag impí ar dhaoine a bheith níos tuisceanaí agus níos aireach.
Anois, tá an teaghlach Reid ag ullmhú don leanbh nua a thiocfaidh i 2025. Comhghairdeas ó chroí leo!
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.