Cabhróidh gortú na bliana seo caite le Cill Chainnigh in aghaidh Luimnigh, a deir TJ Reid

10/07/2023

Tar éis bua a fháil in aghaidh foireann láidir an Chláir imreoidh Cill Chainnigh in aghaidh na seaimpíní Luimneach agus deir TJ Reid gur féidir leo é a bhuachan.

D’admhaigh réalta iomána Chill Chainnigh TJ Reid go mbeidh a fhoireann ag baint leasa as an ‘ghortú’ a bhain le cailleadh na bliana seo caite, nuair a bheidh siad ag dul in aghaidh Luimnigh sa chluiche ceannais.

Bhuaigh Cill Chainnigh in aghaidh an Chláir sa cluiche leathcheannais i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, 1-25 le 1-22.

Anois tá siad ag imirt in aghaidh Luimnigh, díreach mar a rinne siad i gcluiche ceannais iomána na hÉireann anuraidh.

Ach is cuimhne leamh (bitter memory) fós é an chailliúint in aghaidh Luimnigh i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh do laochra Chill Chainnigh.

TJ Reid

Bhí sábháil iontach ag cúl báire Chill Chainnigh Eoin Murphy go déanach sa chluiche, nuair a phlástar Peter Duggan ón Chláir an sliotar I dtreo an líontán.

Déanfaidh Cill Chainnigh iarracht anois Luimneach a stopadh agus iad ag iarraidh cluiche ceannais na hÉireann a buachan ceithre uair as a chéile; agus aithris a dhéanamh ar fhoireann iontach Chill Chainnigh 2006-09.

‘Féach, is léir dúinn féin go bhfuil rud beag gortaithe ansin tar éis dúinn cluiche ceannais na hÉireann a chailleadh anuraidh,’ a dúirt Reid.

‘Is spreagadh é, ar ndóigh. Ach sin é go léir. Beidh an ghortú i gcúl ár n-intinn.

‘Ach tá sé ar tí dúinn dul amach chun an cluiche a bhuachan.

‘Má tá aon ‘bottle’ againn ar chor ar bith, bród ar bith, aon mhian, ba cheart go dtabharfadh sé sin an beagán breise fuinnimh atá de dhíth orainn. Mar tá sé de dhíth orainn.

‘Tógfaidh sé foireann iontach chun an bua a fháil ar Luimneach.

‘Tá siad ag dul le haghaidh ceithre cinn as a chéile agus tá sé tuillte acu.

‘Chonaic tú in aghaidh na Gaillimhe iad, ag cúrsáil tríd an 20 nóiméad deireanach den chluiche.

‘Chun an bua a fháil ar an fhoireann, beidh orainn a bheith ar 100% nó fiú 110% ar feadh na 75 nóiméad ar fad.

‘Féadfaidh siad dul ó dhá phointe síos go dtí 10 bpointe in airde go tapaí.

‘Thugamar cluiche maith dóibh anuraidh ach chailleamar. Táimid ag tnúth le muid féin a chur i gceart dó anois.’


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SPÓRT

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram