
Bhí díomá ar Matthew Broderick nuair nár éirigh le Dún na nGall sa chluiche ceannais i gCraobh na hÉireann i gcoinne Chiarraí, ach tá a bhean chéile Sarah Jessica Parker ag tabhairt neart áthais don chontae.
Tagann Sarah Jessica Parker, aisteoir cáiliúil Mheiriceánach, a fear céile Matthew Broderick, agus a dtriúr páiste go hÉireann gach samhradh, ach i mbliana tá rud éigin speisialta le rá aici.

Is minic SJP agus a clann le feiceáil ag freastal ar a dteach saoire i sráidbhaile Gaeltacht Chill Charthaigh (Kilcar) i nDún na nGall.
Caitheann siad roinnt seachtaine ansin ag baint taitneamh as an aer úr, arán sóide agus bia blasta na hÉireann.
I mbliana, bhí an aimsir níos fearr ná mar is gnách, rud a chuir go mór lena saoire. Is léir gur maith leo an ciúnas agus an suaimhneas a fhaigheann siad i nDún na nGall.

Ach i mbliana, bhí tuilleadh speisialta ag baint leis an turas do bhranda áilleachta Éireannach amháin.
D’fhéadfadh sé seo tionchar mór a imirt ar an ghnó, mar gur thug SJP a moladh dó.

Is í Sinéad Asple a chruthaigh SEA+SOLU, líne chúraim gruaige atá glan agus bunaithe ar mhuiríní.
Déantar é in Éirinn agus tá sé lán le comhábhair nádúrtha.
Tá seampúanna, táirgí treise don ghruaig, maisc, agus cíor, tuáille, agus lúbáin (scrunchies) ar fáil sa bhailiúchán. Tá na praghsanna réasúnta – idir €6.95 agus €33.95.
Sheol Sinéad a cuid táirgí go léir chuig SJP – cé nach raibh sí cinnte ar chor ar bith an mbainfeadh sí triail astu.
Ach bhain. Agus thaitin siad go mór le hiníonacha cúpla SJP, Loretta agus Tabitha.

Chuir sí teachtaireacht dhíreach (DM) ar Instagram chuig Sinéad chun buíochas a ghabháil.
Dúirt sí: ‘Go raibh míle maith agat as an mbronntanas fial! Rug na cailíní orthu agus bhí siad ar bís. Guímid gach rath ort – míle buíochas, SJ, Loretta agus Tabitha.’
Dar le Sinéad is mór an onóir é.
‘Is iontach an rud é a bheith ar eolas go bhfuil Sarah Jessica Parker agus a clann sásta leis na táirgí. Ciallaíonn sé an domhan dom.’
Ní hé sin an chéad uair a léirigh SJP a grá d’Éirinn. Roimhe seo, dúirt sí go raibh sí an-tógtha le RTÉ Lyric FM, agus chuir sí síos air mar stáisiún ‘i gcónaí chomh hálainn sin’.

Cé go bhfuil sí ar dhuine de na réaltaí is cáiliúla ar domhan, is léir go bhfuil áit faoi leith ag Éirinn – agus Dún na nGall go háirithe – i gcroí SJP agus a clann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.