Mearbhall (confusion) ar lucht leanúna Sarah Jessica Parker faoina ‘traidisiún Éireannach’

06/01/2024

D’inis réalta Sex and the City, Sarah, dá lucht leanta faoi thraidisiún Éireannach atá aisteach do dhaoine anseo

D’inis Sarah Jessica Parker dá lucht leanta an chaoi a lean sí traidisiún Éireannach ar Oíche Chinn Bhliana (New Year’s Eve).

Tá meas mór ag an aisteoir Sex and the City ar an tír seo agus an chultúir Éireannach, agus tá teach aici i nDún na nGall.

Thaistil Sarah anseo ó Nua Eabhrac ar 22 Nollaig, in éineacht lena teaghlach, chun an Nollaig agus an Athbhliain (New Year) a cheiliúradh in Éirinn, agus bhí fonn uirthi roinnt nósanna Éireannacha a leanúint agus í ar a turas anseo.

Tá meas mór ag an aisteoir Sex and the City ar an tír seo agus an chultúir Éireannach, agus tá teach aici i nDún na nGall
Tá meas mór ag an aisteoir Sex and the City ar an tír seo agus an chultúir Éireannach, agus tá teach aici i nDún na nGall

Chuaigh an t-aisteoir, atá 58 bliain d’aois, ar Instagram Oíche Chinn Bhliana chun a rúin don Bhliain Nua a roinnt agus chun insint dá lucht leanúna faoin traidisiún Éireannach a bhí á leanúint aici.

Mar sin féin, bhí mearbhall ar lucht leanúna na hÉireann faoin rud a dúirt sí.

Scríobh Sarah ina post: ‘In Éirinn, ar Oíche Chinn Bhliana ag meán oíche, is traidisiún é an doras cúil a oscailt agus an tseanbhliain a ligean amach agus do dhoras tosaigh a oscailt chun an ceann nua a ligean isteach.’

Chuir Sarah fotheideal ar an bpost: ‘Níl sé ró-dhéanach. Athbhliain faoi mhaise daoibh. Xx, SJ. PS go raibh maith agat @alisonnyc is traidisiún go deo anois é i dteach Broderick-Parker.’

Bhí mearbhall ar lucht leanúna na hÉireann faoin post a chuir Sarah ar Instagram
Bhí mearbhall ar lucht leanúna na hÉireann faoin post a chuir Sarah ar Instagram

Seans go bhfuil, ach bhí amhras ar go leor a léigh an post gur traidisiún é in áit ar bith eile.

Cé gur post binn a bhí ann ó Sarah, níor chuala mórán de lucht leanúna Éireannach na réalta trácht ar an traidisiún.

‘Ní tharlaíonn sé seo riamh in Éirinn. Níl a fhios agam cé cum é seo,’ a scríobh úsáideoir amháin.

‘Tá mé i mo chónaí in Éirinn agus níor chuala mé a leithéid riamh,’ arsa duine eile.

‘Is Éireannach mé agus níor chuala mé é sin ariamh ach haigh, bainfidh mé triail as,’ a dúirt duine eile, a bhí níos báúla di.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram