Genoa: Cathair chuian leis an gelato blasta, a deir Lonely Planet

Nochtann Lonely Planet Travel Guide ‘rún luachmhar’ do 2025: Genoa, atá suite ar chósta thiar thuaidh na hIodáile

Tá an chathair Iodálach, Genoa. curtha síos mar ‘sheoid luachmhar faoi rúin’ agus ar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan le tabhairt cuairte orthu i 2025, dar le Lonely Planet Travel Guide.

Tá sí suite ar chósta thiar thuaidh na hIodáile.

Deirtear gur ‘seoid i bhfolach’ í, le cósta álainn agus lár na cathrach meánaoisí lán le tithe tábhairne, bialanna, agus sráideanna beaga cúnga ar a dtugtar ‘caruggi’, atá lán le séadchomharthaí stairiúla.

genoa 4

Cathair chuain

Is cathair chuain í Genoa, ach tá sí i bhfad níos ciúine agus níos lú plódaithe ná cathracha móra turasóireachta eile cosúil le Veinéis nó an Róimh.

Deir Lonely Planet: ‘Tá traein ardluais nua á pleanáil, agus anois an t-am cuairt a thabhairt ar an gcathair uasal seo atá clúiteach as a bia den scoth, a cósta álainn, agus a stair shaibhir chultúrtha.’

Naomh Eoin Baiste

Tá Ardeaglais San Lorenzo, a tógadh sa bhliain 1098, lonnaithe i Genoa, agus meastar go bhfuil luaithreach Naomh Eoin Baiste — pátrún na cathrach — ann.

Tá na sráideanna cúnga agus na lánaí sa chathair lán le siopaí beaga neamhspleácha, cuid acu ann ó aimsir na 1600í.

Genoa feat2

Gelato blasta

Tá an siopa milseán is sine san Iodáil, Romanengo, lonnaithe i Genoa ó 1780, agus déantar cuid dá milseáin ildathach de láimh fós go dtí an lá inniu.

Má tá suim agat sa trá, níl gá dul rófhada — tá Boccadasse, sráidbhaile álainn cois cósta le trá chloiche mhín agus an ‘gelato’ is blasta i bhfad timpeall, ar fáil go héasca ar bhus áitiúil.

Baile an pesto

Maidir le bia, is í Genoa baile an ‘pesto’ — anlann blasta a chuirtear ar pasta nó ar arán áitiúla de ghnáth.

Tá margadh bia faoi dhíon sa chathair darb ainm Mercato Orientale, agus deirtear gurb é sin an áit is fearr le blas a fháil ar bhia áitiúil.

Genoafeat3

Solas na gréine

Más maith leat an aimsir the, beidh Iúil agus Lúnasa oiriúnach — bíonn an teocht idir 28 agus 30 céim go minic i Genoa.

Ach murab ionann is cathracha ó dheas mar Napoli, ní bhíonn tonnta teasa dian ann de ghnáth.

Agus má tá fonn siúil ort, tá naisc thraenach maithe ón gcathair — is féidir le duine taisteal go Nice sa Fhrainc i dtrí huaire an chloig, agus tá Pisa agus Milano níos lú ná dhá uair an chloig uait ar an traein.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram