

Tá an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly tar éis a feachtas do thoghchán na huachtaránachta a sheoladh agus í ag caint le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta.
Dúirt Connolly nach ndearna sí an cinneadh thar oíche.
‘Tá mé ag streachailt le cúpla mí anuas agus ní raibh mé in ann m’aigne a dhéanamh suas.’

Bhí sí amhrasach go leor, ach chuaigh sí go dtí na glaonna, na ríomhphoist agus na litreacha a tháinig isteach.
Dúirt sí go raibh siad ‘ag impí orm seasamh mar dhuine nach bhfuil faitíos ar bith orm labhairt amach, duine neamhspleách, duine le taithí na mblianta agam i róil éagsúla, agus fís eile a chur chun cinn’.
Ag labhairt faoina thaithí, dúirt Connolly: ‘Tá an frustrachas céanna orm agus an fhearg chéanna orm ó thaobh an deighilt idir rialtais éagsúla agus cosmhuintir na tíre… i nGaillimh mar shampla ó thaobh athrú aeráide, athchúrsála agus neart ábhair eile, ag impí orainn an réiteach a chur chun cinn ar fud na cathrach, agus an rud céanna ar fud na tíre.
‘Tá a fhios ag cách gur tír álainn an tír seo, agus na féidearthachtaí atá againne, ach go háirithe ó thaobh muintir an Phalaistín – an spotsolas atá dírithe isteach, tá sé dochreidte…tá fearg ar dhaoine… tá siad ag impí orainn ár nguth a úsáid ar son na síochána…’
Mar sin féin, cheistigh Gormfhlaith: ‘Tá tú in ann é sin a dhéanamh mar Theachta neamhspleách. Ní bheadh tú in ann é a dhéanamh mar Uachtarán.
‘Bheadh go leor coscanna ort… Ní bheadh tú in ann labhairt amach mar atá tú anois… Mar sin cén chaoi a mbeadh Catherine Connolly mar Uachtarán?’
Labhair Connolly faoina thaithí proifisiúnta, mar shíceolaí cliniceach agus mar abhcóide agus dúirt sí go dtugann an taithí seo tuiscint faoi leith di an tábhacht a bhaineann le cluas éisteachta a thabhairt do gach duine.
D’fhiafraigh Gormfhlaith: ‘An mbeidh do dhóthain tacaíochta agat? Bhí tú ag caint le Páirtí An Lucht Oibre, an páirtí gur thit tú amach leo, thart ar dheich mbliana ó shin. Cén chaoi a ndeachaigh an cruinniú sin?
D’fhreagair Connolly: ‘Níor thit mé amach riamh… Tá mé níos faide amuigh nó istigh sa pháirtí sin, agus tá siad i mbun machnaimh, agus tuigim é sin. Tá Sinn Féin i mbun machnaimh freisin.’
D’fhiafraigh Gormfhlaith: ‘Le linn an fheachtais, beifear ag breathnú siar ar chuile ní a rinne tú agus a dúirt tú… ar cheann de na rudaí atá á lua cheana féin ná an dearcadh atá agat i dtreo na hÚcráine agus na Rúise.
‘Táthar a rá nár sheas tú, nach raibh tú ag bualadh bos do Zelensky nuair a rinne sé aitheascadh os comhair na Dála cúpla bliain ó shin. Tá sé sin séanta agat… Tá an tsíocháin tábhachtach. An síleann tú go bhfuil sé de cheart ag tíortha ar nós an Úcráin í féin a chosaint le hairm… agus go bhfuil sé de cheart agus de chead ag tíortha eile na hairm sin a chur ar fáil dóibh…?’
Dúirt Connolly: ‘Tá sé cáinte go minic agam… sheas mé suas, ghlac mé páirt sa rud, ach bhí mé in ísle brí ó thaobh an chogaidh de… An rud atá déanta ag an Rúis, ní féidir leithscéal ar bith a thabhairt.
‘Sheas mé suas, agus bhí bualadh bos i gceist… ach an fhadhb dar le cuid de na hiriseoirí ná nár lean mé fada go leor, agus nach raibh mé láidir go leor ó thaobh an bualadh bos. Agus sin an saghas díospóireacht a bhí i gceist seachas an cogadh.’
Dúirt sí: ‘Ba mhaith liom go mbeadh an tír ag úsáid ár nguth mar thír atá neodrach… Ní socrú é tuilleadh cogadh chun síocháin a fháil, ní hé sin an bealach.

‘Is tír bheag muid, le stair faoi leith agus tá a fhios againne cé chomh deacair is atá sé éirí as an stair atá againn… agus an t-eispéireas sin a úsáid, ní amháin ó thaobh na Rúise agus an cogadh mídhleathach agus stop a chur leis… ach ó thaobh Iosrael agus an Phalaistín de.’
Is í an iar-Fheisire Parlaiminte Eorpach Mairéad McGuinness an duine a bhfuil súil ag na geallghlacadóirí leis teacht i gcomharbacht ar Micheál D Ó hUigínn mar Uachtarán, agus meastar go mbeidh sí ag seasamh do pháirtí Fhine Gael a luaithe a dhúnfar ainmniúcháin don pháirtí an tseachtain seo chugainn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.