Caoineadh Natalie McLaughlin agus a hiníon tar éis tragóid bóthair

Cuireadh in iúl le lucht caoineadh gurb é an t-aon sólás anois ná go bhfuil Natalie McLaughlin agus a hiníon Ella le chéile, tar éis dóibh bás a fháil i dtimpiste bhóthair i nDún na nGall.

Ag a sochraid chomhchoiteann Dé Luain, dúradh gur mhúscail bás na máthar agus a hiníne sé bliana d’aois cuimhní ar ‘an iomarca tragóidí dá samhail’ i gContae Dhún na nGall.

Gortaíodh go marfach an bhanaltra Natalie McLaughlin agus a hiníon Ella i dtimpiste idir a gcarr agus veain ar an R240 i nGlentogher, Carndomhnaigh, ar leithinis Inis Eoghain, tráthnóna Dé Céadaoin seo caite.

Gortaíodh go dona comhpháirtí Ms McLaughlin, Tyrone, agus a n-iníon 18 mí d’aois, Rhea-Rose, san eachtra chéanna.

Natalie McLaughlin agus Ella
Natalie McLaughlin agus Ella

Reáchtáladh Aifreann na sochraide i Séipéal an Chroí Ró-Naofa i gCarndomhnaigh (Carndonagh), baile dúchais na beirte, Dé Luain.

Bhí slua mór bailithe ar shráideanna an bhaile agus na cónra bhána á dtabhairt i dtreo an tséipéil.

Agus an cortège ag druidim leis an séipéal, sheas páistí ó Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig do Chailíní – áit a raibh Ella ina dalta – ar gach taobh den bhóthar.

Dúirt sagart paróiste an bhaile, an tAthair Con McLaughlin, gur mhúscail an timpiste cuimhní ar thimpistí bóthair tubaisteacha eile i nDún na nGall le blianta beaga anuas.

‘Bhí an spéir liath oiriúnach don ócáid agus corp Natalie McLaughlin á thabhairt abhaile go Church Road,’ a dúirt sé. ‘Níor briseadh an tost ach ag coiscéimeanna na ndaoine a bhí ag iompar a cónra.’

Dúirt sé go raibh Natalie anois le hElla, a tháinig abhaile níos luaithe.

‘D’inis máthair Natalie, Joanne, dom: “Is é an t-aon sólás atá agam ná go bhfuil siad le chéile anois”.’

McLouaghlin funeral

Dúirt deartháir Natalie McLaughlin, Tiarnan, gur chuireadh sí daoine eile rompu féin i gcónaí.

‘Nuair a d’iarr tú cabhair ar Nat, bhí a fhios agat cheana féin go ndéarfadh sí ‘ceart go leor’,’ a dúirt sé.

Tar éis na seirbhíse, cuireadh Ms McLaughlin agus iníon i reilig in aice leis an séipéal.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram