Is sár-réalta í Kerry Condon ach diúltaíonn sí don saol galánta

Tá Kerry Condon, bean as Tiobraid Árann, ina sár-réalta de bharr rath an scannáin F1, ach is fearr léi an saol ar a feirm ná Hollywood.

Tá an scannán F1, ina bhfuil Kerry Condon ó Thiobraid Árann sa phríomhról, tar éis éirí thar a bheith rathúil.

Meastar go gcuirfidh an ról seo, in éineacht le Brad Pitt, tús le céim nua dá gairmréim i Hollywood.

Kerry Condon i F1
Kerry Condon i F1

Dúirt Paul Dergarabedian ó Comscore i Los Angeles, comhlacht a dhéanann anailís ar na meáin: ‘Tugann scannán mór mar seo deis do Kerry Condon a cuid aisteoireachta agus a pearsantacht a chur os comhair lucht féachana i bhfad níos leithne. Is céim mhór í an ról seo dá gairm.’

Tháinig beagnach €50 milliún isteach ag deireadh seachtaine oscailte an scannáin, agus tá an figiúr sin anois os cionn €150 milliún.

Meastar gurb é seo an chéad scannán ollmhór atá ag Apple Studios, agus tá sé ag déanamh níos fearr ná Napoleon agus Killers of the Flower Moon.

Tá Condon sa ról Kate McKenna, stiúrthóir teicniúil F1 le Sonny, carachtar Brad Pitt.

Dúirt Dergarabedian: ‘D’éirigh go hiontach léi – tá réaltaí móra sa scannán sin, cosúil le Javier Bardem, Damson Idris, agus ar ndóigh Brad Pitt. Tá Condon ar fheabhas. Is cúis bhróid í d’Éirinn.’

Meastar cheana féin gurb é F1 an scannán is mó i mbliana, agus léiríonn figiúirí ó Comscore go bhfuil sé ag déanamh níos fearr ná Jurassic World: Rebirth le Scarlett Johansson.

‘Tá an samhradh seo ar cheann de na séasúir scannán is iomaíche riamh, agus leanfaidh sé ar aghaidh,’ a dúirt Dergarabedian.

F1
F1

‘Is spórt idirnáisiúnta é F1, agus tá an fhoireann aisteoirí agus na suímh scannánaíochta idirnáisiúnta freisin. Mar sin, tá tarraingt dhomhanda aige.’

Cé go bhfuil Condon, as Durlas (Thurles), anois ina réalta mhór i Hollywood, níl mórán suime aici sa saol galánta a bhaineann leis.

I roinnt agallamh roimhe seo, dúirt Condon go bhfuil sí níos sásta a cuid ama saor a chaitheamh ar a feirm agus tearmann capall in aice le Seattle, seachas i saol na réaltaí i Hollywood.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram