

Tá margadh ospidéil leis an ngrúpa Neamhspleách faoi cheannaireacht Michael Lowry, a bhaineann le lonnú mol máinliachta i Sligeach, faoi iniúchadh anois tar éis do dochtúirí é a cháineadh mar ‘lochtach’.
Tá Teachtaí Dála Fhianna Fáil ag iarraidh ar an Taoiseach Micheál Martin na sonraí a fhoilsiú faoi aon ‘margadh rúnda’ a rinneadh ar mhaithe le tacaíocht na Neamhspleácha sa Rialtas, siad sin ‘Lucht Lowry’.

Tháinig an glao seo i ndiaidh don aire Marian Harkin a dheimhniú go mbeidh mol máinliachta (surgery hub) nua sa tuaisceart-thiar suite ina toghcheantar féin i Sligeach, mar thoradh ar a hiarrachtaí le linn chainteanna ar an gClár Rialtais.
Tharla sé sin ainneoin go raibh dochtúirí ag éileamh go gcuirfí an mol i nDún na nGall.
Cháin dochtúirí ospidéil i nDún na nGall an moladh go géar, agus dúirt siad go raibh sé ‘lochtach, agus éagórach’.
Tá roinnt Teachtaí Fhianna Fáil i mbarr feirge faoi sheirbhísí poiblí ríthábhachtacha á n-úsáid mar ‘ceithearnach (pawns)’ i gcaibidlíochtaí rialtais.
Tá gairmithe leighis agus foireann ospidéil ag tabhairt foláirimh faoi chinní ‘polaitiúla’ atá á ndéanamh ar chostas 160,000 duine i nDún na nGall.
Cé go bhfuil gealltanas sa Chlár Rialtais chun mol máinliachta breise a scrúdú don tuaisceart-thiar, d’fhógair an HSE an mhí seo caite gurb é suíomh i Sligeach an t-aon rogha tosaíochta atá acu.
Mar sin féin, chuir níos mó ná 170 dochtúir i nDún na nGall litir chomhpháirteach chuig an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill ag éileamh cruinniú práinneach faoin mol.
Dúirt siad gur glacadh leis an gcinneadh ‘gan machnamh ceart’ ar riachtanais dhaonra ná ar loighic gheografach.
D’áitigh cliniceoirí go mbeadh lár ionad Ospidéil Ollscoile Leitir Ceanainn (LUH) i bhfad níos oiriúnaí.
Ar Highland Radio Dé hAoine seo caite, dúirt an Teachta Neamhspleách Sligigh-Liatroma Marian Harkin gur cuid dá caibidlíochtaí Clár Rialtais a bhí sa mholadh ón HSE.

Mar fhreagra, dúirt an Dr Pádraig McGuinness, duine de na dochtúirí atá ag cur chun cinn mol i Leitir Ceanainn: ‘Tá cúrsaí ag éirí níos soiléire anois. Léiríonn na fianaise oibiachtúla go soiléir gurb é LUH an suíomh is fearr más é cuspóir mol amháin a sholáthar.
‘Is cosúil anois gur ar chúiseanna polaitiúla amháin a rinneadh an cinneadh seo, ar chostas 160,000 othar i nDún na nGall.’
Dúirt an HSE go bhfuil ‘cás gnó críochnaithe acu chun cur i bhfeidhm Mhól Máinliachta an Iarthuaiscirt’ agus go mbeidh sé á chur faoi bhráid na Roinne Sláinte le breithniú.
D’éiligh Pearse Doherty, Teachta Dála Dhún na nGall agus leascheannaire Shinn Féin, ar an Rialtas a bheith macánta faoin ‘déileáil rúnda le Lowry’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.