

Deir tuarascáil ó fhórsaí míleata Mheiriceá nár chuir an t-ionsaí buamála ar thrí shuíomh núicléacha san Iaráin — Fordo, Natanz agus Isfahan — ach cúpla mí chun dochair do chlár núicléach na tíre.
Shéalaigh na hionsaithe bealaí isteach dhá cheann de na háiseanna ach níor scrios siad a bhfoirgnimh faoi thalamh.
Roimh an bhuamáil, dúirt gníomhaireachtaí faisnéise Mheiriceá dá ndéanfadh an Iaráin iarracht buama a dhéanamh, go dtógfadh sé thart ar thrí mhí iad a thógáil.

Tar éis na buamála ag Meiriceánaigh agus ionsaithe ag Iosrael, thógfadh sé sé mhí, de réir na tuarascála ón nGníomhaireacht Faisnéise Cosanta Mheiriceá.
Roimh an ionsaí dhiúltaigh Trump d’éilimh saineolaithe nár thóg an Iaráin airm núicléacha ar aon nós, agus dúirt an Iaráin nach ndearna sí amhlaidh.
Rinne Meiriceá agus Iosrael ionsaí ar an Iaráin gan aon spreagadh.
Dúirt an tuarascáil is déanaí freisin gur bogadh cuid mhór de stoc úráiniam saibhrithe na hIaráine roimh na hionsaithe, rud a scrios beagán den ábhar núicléach atá ag an Iaráin.
Dúirt saineolaithe freisin, dá ndéanfadh an Iaráin iarracht buama núicléach a fhorbairt, go mbeadh sé ina fheiste bheag agus garbh.
Ní bheadh mórán mhaitheas leis.
Roimh ionsaí Mheiriceá ar an Iaráin, dúirt saineolaithe i Meiriceá freisin go mbeadh gá le tonnta ionsaithe aeir thar go leor laethanta le haghaidh aon iarracht chun saoráid Fordo, atá curtha níos mó ná 250 troigh faoi shliabh, a scrios.
D’éiligh an tUachtarán Trump gur ‘scriosadh’ saoráidí núicléacha na hIaráine leis an ionsaí agus leanann sé féin agus a fhoireann orthu ag déanamh an éilimh sin.

Dúirt an Rúnaí Cosanta Pete Hegseth: ‘Bunaithe ar gach rud atá feicthe againn, agus tá gach rud feicthe agamsa, scrios ár bhfeachtas buamála cumas na hIaráine airm núicléacha a chruthú.
‘Bhuail ár mbuamaí ollmhóra an pointe ceart ag gach sprioc agus d’oibrigh siad go foirfe.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.