

Tá Graham Linehan, a chruthaigh Father Ted, os comhair na cúirte i Londain agus é líomhainte go ndearna sé ciapadh ar bhean trasinscneach.
Tá sé cúisithe as ciapadh a dhéanamh ar Sophia Brooks, gníomhaí trasinscneach 18 mbliana d’aois, ar na meáin shóisialta, chomh maith le damáiste a dhéanamh dá fón póca i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Shéan Linehan, atá 56 bliain d’aois agus ó Bhaile Átha Cliath, an dá chúis sa chúirt i Westminster.
Níor labhair Linehan ach lena ainm agus a dháta breithe a dhearbhú, agus na cúisimh a shéanadh. Bhí sé gléasta i léine bhán, seaicéad liath agus bríste géine liath.
Taobh amuigh den chúirt, chaith sé geansaí le pictiúr de phríomhleathanach The Daily Telegraph leis an gceannteideal: ‘Trans women are not women’.
Dúirt Linehan go bhfuil sé ag cosaint chearta na mban agus na bpáistí le sé bliana anuas agus mhaígh sé go bhfuil sé féin mar an t-íospartach.
‘Tá ciapadh, maslaí agus bagairtí déanta orm,’ a dúirt sé. ‘Tá go leor caillte agam, ach tá mé fós anseo agus ní thabharfaidh mé suas.’

Tugann doiciméid na cúirte le fios go bhfuil líomhaintí ann gur phostáil Linehan teachtaireachtaí maslacha idir 11 agus 27 Deireadh Fómhair agus go ndearna sé damáiste ar luach £369 (€438) ar fhón póca ar 19 Deireadh Fómhair ag cruinniú i Londain.
Beidh an triail ar siúl ar an 4ú Meán Fómhair. Tá Linehan ar bannaí faoi choinníoll gan teagmháil a dhéanamh leis an ngearánaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.