

D’fhág Trent Alexander-Arnold, laoch Liverpool a thosaigh ag an gclub ag aois sé bliana, slán mothúchánach leis an gclub a bhfuil grá aige dó.
Dhiúltaigh Trent do chonradh chun bheith ar an lánchúlaí (full-back) ar an phá is airde sa Premier League i Sasana agus ina ionad sin síneoidh sé conradh cúig bliana le Real Madrid sa Spáinn.
Deir an leas-chaptaen ar Liverpool, atá ag fáil conradh ar fiú thart ar €175,000 sa tseachtain é leis an bhfoireann Spáinneach, go bhfuil dúshlán nua uaidh tar éis 20 bliain ag Anfield.
‘Is cinneadh pearsanta domsa é,’ a dúirt sé Dé Luain.
Dúirt sé gur mian leis dúshlán a thabhairt dó féin in áit eile.
‘Ní bhaineann sé le rud éigin níos fearr a aimsiú. Anois an t-am ceart le dul,’ a dúirt sé.

‘Ní bheidh daoine sásta leis an gcinneadh, ach mothaím gur rud é a chaithfidh mé a dhéanamh.
‘Ní imeoidh an grá atá agam don chlub seo go deo, ní laghdóidh sé go deo.
‘Beidh mé i bhfiacha go deo ag an gclub agus ag an lucht leanúna as gach rud atá déanta agaibh domsa. Beidh mé ar ais,’ a dúirt sé.
Dhiúltaigh Trent, atá 26 bliain d’aois, plé a dhéanamh ar a thodhchaí an séasúr ar fad cé go rachaidh a chonradh in éag an samhradh seo.
Bhí muinín ag Real Madrid go síneodh siad Trent i mí na Nollag.
Rinne Liverpool iarracht mhór é a shíneadh ach chríochnaigh na cainteanna sin i mí an Mhárta.
Is é Reece James ó Chelsea an lánchúlaí is airde pá is Sasana faoi láthair ag €294,000 sa tseachtain, ach bhí intinn Trent déanta suas cheana féin.
Beidh Real Madrid ag iarraidh é a shíniú in am do Chorn Domhanda na gClubanna i mí an Mheithimh.
Chuaigh Trent isteach i Liverpool agus é sé bliana d’aois agus tá 352 uair imeartha aige.
Dúirt iar-réalta Anfield, Jamie Carragher, nach laghdófar a ranníocaíocht ‘go deo’ ach creideann sé go n-athróidh a imeacht an chaoi a gcuimhneoidh lucht leanúna air.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.