

Fuarthas amach i dtriail nua go raibh ráta marthanais dhá uairr níos fearr ag othair le cineál dainséarach d’ailse fola nuair a bhain siad úsáid as tástáil smior (bone marrow test) a d’aimsigh an galar go luath.
Tugann an tástáil seo deis do dhochtúirí an galar a fheiceáil suas le trí mhí níos luaithe ná mar is féidir le gnáth-thástálacha fola.
Tógann an tástáil nua thart ar dheich nóiméad agus déantar í le sampla beag ón smior, a bhaintear ón gcromán le snáthaid, faoi ainéistéise áitiúil.

Dúirt an tOllamh Nigel Russell ‘Guy’s and St Thomas NHS Foundation Trust’ sa Ríocht Aontaithe, ‘Tá na tástálacha in ann ailse fola a fháil ar leibhéal an-íseal, fiú nuair atá gnáth-thástálacha fola ag taispeáint nach bhfuil fadhb ar bith ann.’
Tá an tástáil tábhachtach mar tugann sí níos mó ama do dhochtúirí chun cóireáil a thosú sula n-éiríonn an galar níos measa. Má aimsítear an galar roimh ré, is féidir le cóireáil luath stop a chur leis ó scaipeadh nó filleadh.
Thóg bean darb ainm Jane Leahy, 51 bliain d’aois ó Wimbledon, páirt sa triail. Fuair sí amach go raibh AML aici i 2014. Cé gur léirigh a cuid fola nach raibh aon fhadhb, léirigh na tástálacha smior go raibh an ailse ag filleadh.
Mar gheall ar sin, fuair sí cóireáil arís agus trasphlandú smior óna deirfiúr – rud a shábháil a saol. Tá sí fós saor ón ailse naoi mbliana níos déanaí. Dúirt sí, ‘Bhí an t-ádh orm. Gan na tástálacha seo, ní bheadh a fhios agam go raibh an ailse ag filleadh.’
Bhain 637 duine ó AML páirt sa triail, a rinne Ollscoil King’s College London agus a foilsíodh san iris The Lancet Haematology.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.