McGregor agus Tucker Carlson i halla na ‘Freemasons’: Cé hiad na Máisiúin?

29/04/2025

Dúirt Ardrúnaí na Máisiún (Freemasons) in Éirinn gur ‘botún’ a bhí sa chinneadh ligean do McGregor agus Carlson agallamh a dhéanamh sa halla atá ag na Máisiúin ar Shráid Molesworth

Tá na Máisiún (Masons) in Éirinn, nó na ‘Freemasons of Ireland’ mar a thugtar orthu, le síntiús €2,500 a thabhairt do charthanas mar chomhartha aiféala gur lig siad Conor McGregor agus Tucker Carlson isteach ina n-ionad.

Dúirt Ardrúnaí na hArd-Chraobh, Philip Daley, gur ‘botún’ a bhí sa chinneadh ligean don bheirt agallamh a dhéanamh i Halla na Máisiún ar Shráid Molesworth i mBaile Átha Cliath.

Dúirt sé gur chuir cuideachta mheán as Meiriceá an áirithint in ainm eile, agus gur fógraíodh cé a bhí páirteach san agallamh uair amháin roimh thús an scannánaithe.

Is baill de ghrúpa bráithreachais iad na Máisiúnaigh a tháinig ó na ceardchumainn cloiche den mheánaois. Ní cumann rúnda atá ann, ach tá traidisiúin agus searmanais ar leith ag baint leis.

máisiúin

Deir Ard-Chraobh na hÉireann go bhfuil an eagraíocht oscailte do dhaoine de gach cúlra, agus gurb é príomhchuspóir na Máisiún ná ‘cumhacht a thabhairt do bhaill le bheith ar a ndícheall’.

Déantar é sin trí thacaíocht agus struchtúr a chur ar fáil chun cur le pobal áitiúil, tríd an obair dheonach nó trí imeachtaí carthanachta.

Bíonn cruinnithe ag na Máisiúnaigh i ngrúpaí de chraobhacha. Tá na cruinnithe sin príobháideach den chuid is mó, ach líonann gnó cosúil le miontuairiscí agus comhfhreagras formhór an ama.

Uaireanta, bíonn searmanais mháisiúnacha agus plé fealsúnachta ar siúl freisin.

Ní eagraíocht reiligiúnach é, ach bráithreachas atá neamhspleách ó aon eaglais. Tá sé mar riail go hiomlán nach gceadaítear plé faoi reiligiún ná polaitíocht ag cruinnithe Máisiún.

Is féidir le daoine de gach creideamh agus cúlra a bheith ina mbaill.

Dúirt siad: ‘Ligeann na Maisiúin d’fhir ó gach cúlra teacht le chéile mar chomhionanna, is cuma cén creideamh, polaitíocht ná rang sóisialta atá acu’.

Dúirt siad freisin go mbíonn cairdeas láidir le forbairt go tapa idir baill éagsúla.

Is í Ard-Chraobh na hÉireann an dream a rialaíonn Bráithreachas na Máisiún in Éirinn agus i bproibhinisí thar lear. Tá thart ar 19,000 ball anois ag an eagraíocht ar fud an domhain, cé go raibh suas le 100,000 i lár an 20ú haois.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram