

Tá sonraí sochraide an Phápa Proinsias ar eolas anois.
Fuair an Pápa, a bhí 88 bliain d’aois, bás maidin Luan Cásca an tseachtain seo. D’fhógair an Cairdinéal Kevin Farrell an nuacht trí ráiteas ón Vatacáin.
Dúirt sé, ‘Ag 7.35 ar maidin inniu, d’fhill easpag na Róimhe, Proinsias, ar theach an Athar. Chaith sé a shaol ar fad ag seirbhísíú an Tiarna agus a Eaglaise.’
Dheimhnigh ráiteas eile ón Vatacáin go bhfuair sé bás de bharr stróc agus taom croí ina dhiaidh sin.

Tá cruinniú de chuid na gcairdinéal sa Vatacáin tar éis sonraí a thabhairt faoi shochraid an Phápa. Beidh an tsochraid ar siúl Dé Sathairn, an 27 Aibreán, ag 9in, am na hÉireann.
Cuirfidh an tsochraid tús le tréimhse caointe naoi lá, a chríochnóidh le próiseas roghnú Phápa nua ón 5 Bealtaine.
Ar an 28 Feabhra, tháinig ‘géarchéim análaithe aonair’ air a chuir laghdú tobann ar a shláinte.

Nuair a bhí sé óg, bainíodh cuid dá scamhóg tar éis ionfhabhtú scamhóga. Ba chúis leis an obráid seo go raibh sé i mbaol bronchitis ar feadh a shaoil.

Tá sé ar eolas anois gur leag an Pápa Proinsias amach a mhianta ina thiomna deireanach – gur theastaigh uaidh a bheith curtha i mBasilica di Santa Maria Maggiore sa Róimh.
Dúirt an Vatacáin gur iarr sé ‘a bheith curtha san ithir gan aon mhaisiú speisialta’ agus gan ach an inscríbhinn ‘Franciscus’ air. Tuigtear go ndearna an Pápa socruithe le bronntóir anaithnid chun costais na h-adhlactha a íocadh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.