Taisteal tríd aerfoirt: Beidh sé níos éasca ná dul ar an mbus

13/04/2025

Ní bheidh ort ach meangadh gáire a dhéanamh agus tú ag dul ar an eitleán – agus ag teach as – de bharr athruithe ag aerfoirt

Ní bheidh Pasanna Bordála agus Seiceála Isteach ag aerfoirt a thuileadh, nuair a dhéanfar athruithe radacacha ar fud an domhain.

Beidh sé níos fusa taisteal ó thír go tír ná mar atá sé anois an bus a thógáil ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste – nó áit ar bith eile in Éirinn.

Ní bheidh Pasanna Bordála agus Seiceála Isteach ag aerfoirt a thuileadh
Ní bheidh Pasanna Bordála agus Seiceála Isteach ag aerfoirt a thuileadh

Ní bheidh ticéad uait fiú!

Chomh maith leis sin, seolfar faisnéis láithreach chuig ár ngutháin má bhíonn moill ar ár n-eitilt nó faoi fhaisnéis eile a bhaineann lenár bpleananna taistil.

Beidh teaghlaigh a théann ar saoire agus fiú daoine a théann ar thurais ghearra in ann dul trí aerfoirt ar an dá thaobh go tapa trí úsáid a bhaint as aithint aghaidhe (facial recognition).

Bainfidh sé seo an próiseas traidisiúnta maidir le Pas Bordála a thaispeáint d’fhoirne slándála agus do phas a thaispeáint ag an gcuntar seiceála isteach.

In ionad doiciméadú a iompar mar chruthúnas aitheantais, beidh ‘sonraí taistil dhigitigh’ ar a bhfóin phóca anois ag paisinéirí.

Leis na ‘sonraí taistil dhigitigh’ beidh an fhaisnéis ónár bpasanna agus sonraí uile ár dticéad taistil agus ár bpasanna bordála.

Mar chuid dá bpacáiste taistil, íoslódálfaidh custaiméirí ‘pas turais’ chuig a ngutháin.

Tabharfaidh sé seo go huathoibríoch aon fhaisnéis nua duit faoi d’eitilt sula dtiocfaidh tú chuig an aerfort.

Rachaidh paisinéirí trí gheata slándála nuair a fhágann siad a mála mór le bheith stóráilte ar an áit; nó más maith leo a gcuid málaí a thabhairt leo, siúlfaidh siad trí gheata slándála ar leith.

Dúirt Valerie Viale ó Amadeus, an chuideachta theicneolaíochta taistil is mó ar domhan: ‘Tá na hathruithe seo ar na hathruithe is mó le 50 bliain.

‘Níor athraigh go leor córais aerlíne le breis agus 50 bliain mar ní mór go mbeadh gach rud comhsheasmhach ar fud an tionscail.’

Dúirt sí, áfach, mar gheall ar chomhaontuithe agus athruithe le déanaí a rinne an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (International Civil Aviation Organisation. ICAO), nach mbeidh ach ‘pas turais’ ag daoine.

Sula n-imeoidh siad, táthar ag súil faoi láthair go ndéanfaidh paisinéirí a bpas bordála a íoslódáil nó é a phriontáil ag an aerfort chun é a scanadh ag an ngeata bordála.

Giorróidh an córas nua an próiseas sin.

In ionad doiciméadú a iompar mar chruthúnas aitheantais, beidh 'sonraí taistil dhigitigh' ar a bhfóin phóca anois ag paisinéirí
In ionad doiciméadú a iompar mar chruthúnas aitheantais, beidh ‘sonraí taistil dhigitigh’ ar a bhfóin phóca anois ag paisinéirí

Mar sin féin, beidh ar aerfoirt teicneolaíocht aitheantais aghaidhe a shuiteáil chun grianghraif pas agus aghaidheanna daoine a scanadh.

Tá sé ráite ag an ICAO nach stórálfaidh aerfoirt aon fhaisnéis arna scanadh ag ríomhairí sa phróiseas seiceála.

Faoi láthair níl ach roinnt tíortha ina n-úsáidtear teicneolaíocht aitheantais aghaidhe ar an mbealach seo, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe do phaisinéirí atá ag filleadh abhaile ó thar lear.

Tá na hathruithe le teacht ag aerfoirt sna ‘dhá nó trí bliana’ atá romhainn, de réir ICAO.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram