Spencer Matthews: Bhí fadhb aige leis an ól ach níl sé Hooked a thuileadh

13/04/2025

Labhair Spencer Matthews, atá 36 bliain d’aois, go hoscailte faoina andúil san ól sa tsraith RTÉ, Hooked, agus dúirt sé go raibh sé gur éirigh sé ‘ionsaitheach ó bhéal (verbally aggressive)’ lena bhean chéile, Vogue Williams

D’admhaigh an réalta teilifíse Spencer Matthews gur éirigh sé ‘ionsaitheach ó bhéal (verbally aggressive)’ lena bhean chéile, Vogue Williams, agus é ag insint bréige di faoina fhadhb leis ól.

Labhair Spencer, atá 36 bliain d’aois, go hoscailte faoina andúil san ól sa tsraith RTÉ ‘Hooked’.

Dúirt Spencer gur ól sé beagnach gach lá ó bhí sé 15 bliain d'aois go dtí go raibh sé 30
Dúirt Spencer gur ól sé beagnach gach lá ó bhí sé 15 bliain d’aois go dtí go raibh sé 30

Sa dara heagrán, labhair sé le Dr Brian Pennie, iar-andúileach hearóin atá anois ina néareolaí.

Dúirt Spencer gur ól sé beagnach gach lá ó bhí sé 15 bliain d’aois go dtí go raibh sé 30.

‘Bhíodh sé agam go minic ag 9 nó 10 ar maidin, ag siúl thart ag smaoineamh ar chupán tequila,’ a dúirt sé.

Dúirt Spencer go n-iarradh Vogue, a bhean chéile as Baile Átha Cliath, air go minic: ‘An raibh deoch agat inniu?’ agus go ndéarfadh sé go géar léi nach raibh.

Nuair a bhuail Spencer le Chip Somers, síciteiripeoir a chabhraigh leis éirí as, ní raibh sé ar meisce ag an am, ach d’ól sé go trom an oíche roimhe.

Dúirt Somers leis: ‘Tá boladh fuisce ort fós.’ Mhúscail sé sin náire ann agus dúshlán pearsanta – ní raibh sé ag iarraidh a bheith ina andúileach níos mó.

Tá sé ina bhunaitheoir ar Clean Co, cuideachta a dhéanann deochanna neamh-mheisciúla.

Tá sé ina bhunaitheoir ar Clean Co, cuideachta a dhéanann deochanna neamh-mheisciúla
Tá sé ina bhunaitheoir ar Clean Co, cuideachta a dhéanann deochanna neamh-mheisciúla

Deir Spencer nach mbíonn eagla air roimh ól níos mó. ‘Má tá fonn orm gloine fíona le mo bhean chéile, ólfaimid í – níl aon rud le cur i bhfolach agam níos mó,’ a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram