

Deirtear go mbíonn caidreamh ó chian deacair, ach níl sé ag cur isteach ar Paul Mescal agus Gracie Abrams.
Bhí ráflaí faoi bhriseadh eatarthu i mí Eanáir, tar éis do dhaoine Gracie a fheiceáil ag caoineadh le linn dinnéir i Londain. Ach ó shin, tá cuma ar an scéal go bhfuil gach rud ceart go leor sa gcaidreamh eatarthu.

Cé go bhfuil siad ag maireachtáil i dtíortha éagsúla, tá siad fós ag tabhairt tús áite dá gcaidreamh. Chonacthas an lánúin ag ceiliúradh Lá Fhéile Vailintín i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil Paul ag léiriú sa dráma A Streetcar Named Desire.
Dúirt foinse leis an iris PEOPLE gur thug Gracie tacaíocht mhór do Paul nuair a d’fhreastail sí ar an dráma i mBrooklyn.
‘Tá siad gnóthach, ach fós ag cur a chéile chun tosaigh,’ a dúirt an foinse.
Deirtear freisin go bhfuil ceimic láidir eatarthu sa gcaidreamh.
Thug teaghlach Paul tacaíocht do Gracie nuair a sheinn sí i mBaile Átha Cliath le déanaí.

Roinn a mháthair Dearbhla físeán dá feidhmíocht, ag rá go raibh sé ‘draíochtúil’.
Tá an lánúin le chéile ó Iúil 2024 agus chonacthas Gracie i gCorcaigh i rith na Nollag, áit a bhfuil teach ag Paul.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.