

Ar mhaith leat a bheith i do réalt teilifíse ar Ros na Rún, sobaldhráma chlúiteach TG4, atá ar an bhfód le deich mbliana fichead? Bhuel, seo do sheans!
Tá an seó sa tóir ar aisteoirí nua do Shraith 30 a thosóidh ag taifeadadh i gConamara i mí Lúnasa.

Tá an sobaldhráma ag lorg daoine os cionn 18 mbliana d’aois idir fhir agus mná le Gaeilge líofa agus reachtófar éisteachtaí sna seachtainí amach romhainn, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.
B’e Ros na Run a scríobh agus a chaoladh an chéad phóg comhghnéis/aerach ar chainéal Éireannach.
Bhí an láiritheoir seó comhrá Conan O’Brien ar cúirt le déanaí agus sna blianta roimhe sin bhí an t-aisteoir cáiliúil Stephen Fry chomh maith le roinnt daoine mór le rá as Éirinn, Daniel O’Donnell, Francis Brennan, Nathan Carter agus Alan Hughes.

Cuirfear tús leis na héisteachtaí i gCárna ar an 19ú Aibreán.
Má tá suim agat freastal ar éisteacht is féidir ríomhphost a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com nó glaoch a chur ar 091 558400
Nó má tá suim agat sa scríbhneoireacht, beidh cúrsa scríbhneoireachta scripte á eagrú ag Ros na Rún freisin in éindí le Ardán, Coimisiún na Meán agus Fís Éireann.
Clúdóidh an cúrsa seo chuile ghné don scríbhneoireacht scripte, ón struchtúr go dtí an comhrá slánaithe.

Beidh deis ag na rannpháirtithe a n-éiríonn go maith leo, oibriú mar scríbhneoir faoi oiliúint i gcomhar le meantóir, agus amach anseo beidh deis acu script a scríobh d’eipeasóid a bheidh le craoladh ar TG4.
Beidh dhá chuid i gclár an chúrsa agus beidh deis ag an té a n-éireoidh leo foghlaim ó iar scríbhneoir sinsearach le Ros na Rún Bláthnaid Altaf.
D’oibrigh Bláthnaid ar na cláracha Holby City agus Fair City agus is meantóir í le Virgin Media Discovery a bhfuil árd mheas uirthi.
Má tá suim agat freastal ar an gcúrsa seo le Ros na Rún, is féidir litir agus CV a sheoladh chuig rscripte@rosnarun.com roimh an Luan 7 Aibreán.

Coinnigh súil amach ar na meáin shóisialta le haghaidh uasdátuithe faoi éisteachtaí i do cheantar, ar Facebook (clicceáil ANSEO) agus ar Instagram (cliceáil ANSEO)
https://www.facebook.com/RosnaRun/
https://www.instagram.com/rosnarun1/?hl=en
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.