Údarás na Gaeltachta: Cá bhfaighfeá dhá Emmy, an corn ‘Sam’ – agus Gaeilge den scoth?

31/03/2025

Tá dul chun cinn ag teacht ar Údarás na Gaeltachta mar sin cé hiad na daoine atá ar an mbord

Le Bille faoi Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála agus leis an liútar éatar uilig sa Dáil an tseachtain seo caite, cheapfá nach mbíonn mórán ar siúl acu. Mar sin féin, cúpla bliain ó shin tugadh isteach Bille Teanga atá ag athrú saol na Gaeilge.

Agus faoi láthair tá Bille um Údarás na Gaeltachta á phlé acu. Is Bille tábhachtach eile é, a mbeidh in ann dul chun cinn a dhéanamh i gcúrsaí fostaíochta, i gcúrsaí ghnó agus fiú le tithíocht sna Gaeltachtaí, b’fhéidir.

Mar sin beidh tábhacht ar leith ag baint le bord Údaráis na Gaeltachta.

Cheap an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta Dara Calleary bord nua agus beidh siad ann go dtí deireadh na bliana seo chugainn; ach cé hiad?

Tá deichniúr ceaptha ar an mbord nua, ochtar acu a bhí an cheana. Ina dteannta sin tá Siobhán Ní Ghadhra, an bhean leis an dá Emmy, ina cathaoirleach arís, agus tá Anthony Molloy, a bhí mar chaptaen ar fhoireann peile Dhún na nGall i 1992 nuair a thug siad abhaile ‘Sam’.

D’fhógair an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta i ráiteas: ‘Beidh téarma suas le dhá bhliain, go dtí deireadh 2026, ag an mbord nua seo chun deis a thabhairt don Rialtas an leasú reachtaíochta a bhrú chun cinn agus toghchán a reáchtáil don bhord.

Tá dhá fholúntas ar an mbord go fóill agus dúirt an Roinn: ‘Tá sé i gceist ag an Aire líonadh na bhfolúntas seo a choinneáil faoi athbhreithniú ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 san Oireachtas sna míonna amach romhainn.’

Is ag Céim an Choiste i nDáil Éireann atá an Bille sin faoi láthair.

Údarás na Gaeltachta: Siobhán Ní Ghadhra an Cathaoirleach
Údarás na Gaeltachta: Siobhán Ní Ghadhra an Cathaoirleach

Is í Siobhán Ní Ghadhra an Cathaoirleach: Is léiritheoir teilifíse í a bhfuil dhá ghradam Emmy bainte amach aici. Chuir sí tús lena saol gairmiúil i stiúideo an déantóra scannán Roger Corman i gConamara agus ceapadh í mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin le Telegael i 2012. Sa bhliain 2015, bhunaigh sí Danú Media.

Ba chomhalta í tráth d’Údarás Craolacháin na hÉireann idir 2010 agus 2015, den Blue Teapot Theatre Company agus de Bhord Straitéise Seachtraí Ollscoil na Gaillimhe chomh maith. Is comhalta í faoi láthair de bhoird TG4 agus Deasc Eoraip Chruthaitheach i nGaillimh.

Máire Áine Uí Ailín: Is Oifigeach Socrúchán in Ollscoil na Gaillimhe í. Tá sí freagrach as riaradh Clár Socrúchán Oibre do mhic léinn atá i mbun BA le Gaeilge agus mic léinn atá ag staidéar Dlí le Gaeilge. Tá BA sa Ghaeilge aici agus MA sa Phleanáil Teanga. Is as Ceantar na nOileán di ó dhúchas agus tá sí ina cónaí ar an gCeathrú Rua.

Caitlín Ní Bhroin: Is Oifigeach Pleanála Teanga í i gCloch Cheann Fhaola, Co. Dún na nGall. Rugadh í i Machaire Rabhartaigh sna Gleannta (Glenties). Tá BA aici i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge agus tá MRes bainte amach aici ar Fhilíocht na mBard sa 17ú hAois.

Micheál Ó Drisleáin: Is iar-Stiúrthóir ar Choláiste na Rinne, i nGaeltacht na Déise, é. Tá Ph.D sa Ghaeilge bainte amach aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá sé ag obair mar chomhairleoir gnó/margaíochta.

Seán Ó Cuirreáin: Is iar-comhalta ar bhord an Údaráis é as Dún na nGall. Tá sé ag obair mar Bhainisteoir ar Ionad Saorálaí Dhún na nGall agus é ina chomhalta boird ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus Pobal.

Máirtín Ó Laoi: Is Comhairleoir Contae é Máirtín Ó Laoi as Ceantar na nOileán i gConamara. Tá sé féin-fostaithe in earnáil na hiascaireachta agus muirsaothraithe.

Anthony Molloy: Toghadh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall é i 2019 don chéad uair. Ceapadh mar chomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair in 2023. Is ball de Chomhar na nOileán agus de Choiste Bhéal an Phobail in Iardheisceart Dhún na nGall é. Bhí sé mar chaptaen ar fhoireann peile Dhún na nGall i 1992 nuair a thug siad abhaile Corn Mhig Uidhir.

Pádraig Ó Conaire: Is adhlacóir agus tábhairneoir é as Béal an Mhuirthead (Belmullet)  i gContae Mhaigh Eo. Ba é ionadaí Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar Bhord Údarás na Gaeltachta roimhe seo ó 2022 go dtí 2024.

Breandán Mac Gearailt – Is ionadaí áitiúil lánaimseartha é. Ó Daingean Uí Chúis i gCorca Dhuibhne é agus tá sé ina Chomhairleoir Contae i gCiarraí ó 2019. Toghadh é mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Chiarraí i 2024.

Cathal Seoighe – Is as Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí é. Ceapadh Cathal ar Bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair sa bhliain 2000. Tá sé mar chathaoirleach ar Chumann Peile Chlann na nGael atá ag reáchtáil Comórtas Peile na Gaeltachta i 2025. Tá sé ina rúnaí náisiúnta ar an gComórtas Peile chomh maith.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram