

Seoladh scéim maoinithe nua chun tacú le forbairt gearrscannán beochana Gaeilge ag Animation Dingle. Is é €240,000 an ciste iomlán atá ar fáil faoin scéim.
Dúirt Deirdre Barry ón Animation Ireland Talent Academy: ‘Cuirfear cúnamh agus meantóireacht ar fáil faoin gciste seo chun scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bhfuil Gaeilge acu atá ag obair in earnáil na beochana a fhorbairt.
‘Is fada linn go bhfeicfidh muid na smaointe agus an tallann a thiocfaidh as an deis seo.’
Beidh seisiún eolais ar líne faoin scéim ar siúl ar Zoom Déardaoin an 3 Aibreán ag 12.30 chun tuilleadh eolais a chur ar fáil faoin scéim agus chun aon cheisteanna a bheadh ag iarratasóirí a bheadh ag cuimhneamh cur isteach uirthi a fhreagairt.
Ba é Paul Young ó Cartoon Saloon a sheol an tionscnamh, ar comhpháirtíocht é idir TG4, Fís Éireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge

Scáileán Thuaisceart Éireann agus The Animation Ireland Talent Academy.
Tá siad ag súil go mbeadh na tograí ar fáil le dáileadh ag fleadhanna agus féilte scannán mar aon le bheith ar fáil le craoladh ar TG4 nó ar Cúla4.
Cuirfear deis ar fáil faoin scéim seo chun daoine cumasacha nua a bhfuil Gaeilge acu a fhorbairt sa tionscal.
Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4/Cúla4 go bhfuil ríméad ar TG4 tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bhfuil Gaeilge acu.
Dúirt Áine Walsh go bhfuil an scéim mar chuid de Animation Dingle, ‘féile bheochana idirnáisiúnta atá suite i gcroílár na Gaeltachta’.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ANSEO
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.