

Cuireadh an craoltóir ó thuaisceart, Stephen Nolan, amach as caifé i mBéal Feirste tar éis dó aghaidh a thabhairt ar an úinéir faoi theachtaireacht chonspóideach ar na meáin shóisialta.
D’fhoilsigh Belfast Breakfast Baps teachtaireacht ag an deireadh seachtaine seo caite ag rá go raibh daoine a úsáideann scútair shoghluaisteachta de bharr fadhbanna meáchain, agus seans nach bhfuil siad ‘an-úsáideach’.
Spreag sé fearg ar na meáin shóisialta, agus thug Nolan cuairt ar an gcaifé maidin Dé Máirt seo caite roimh a chlár raidió.
De réir an úinéara, cuireadh é amach as an gcaifé mar go raibh sé ‘ag cur a ladar isteach.’

Chuir an caifé grianghraf de scútar soghluaisteachta ar Instagram agus scríobh siad: ‘Má tá tú i gceann acu seo mar go bhfuil tú thar a bheith ramhar, tuig go bhfuil tú ramhar agus seans nach bhfuil tú an-úsáideach.’
Lean siad orthu ag rá: ‘Is féidir fadhbanna thyroid a bhainistiú, agus tá tú ag tógáil acmhainní ó dhaoine a bhfuil gá acu leo i ndáiríre. Cuir an scútar i leataobh agus siúil, a ramharán, agus b’fhéidir fiú rith amach anseo.’
Ar maidin Dé Máirt, roinn an caifé píosaí CCTV de Nolan á chur amach as an siopa.
Scríobh siad: ‘Nuair a tháinig Nolan isteach lena ladar a chur isteach, cuireadh amach é. Níor mhaith linn é a bheith timpeall na háite ar aon nós.’
Roinn Nolan an post ar a chuntais shóisialta féin agus scríobh sé: ‘Cuireadh Nolan amach as Belfast Breakfast Baps tar éis dó an t-úinéir a cheistiú faoi ráitis ina ndearnadh beag is fiú de dhaoine atá murtallach agus ag úsáid scútair soghluaisteachta.’
Le linn a chláir raidió níos déanaí an mhaidin sin, dúirt sé go dúirt an t-úinéir le duine dá chomhghleacaithe go raibh an craoltóir féin ‘thart ar dhá chloch de bheith ag teastáil ó scútar soghluaisteachta.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.