

Tá cárta speisialta ag an bhfear grinn cáiliúil Meiriceánach Kal Penn – cárta óir do Copper Face Jacks! Thaispeáin sé an cárta seo ar The Kelly Clarkson Show ar Lá Fhéile Pádraig.
‘Táimse in ann dul isteach lesi!’ arsa Kal go greannmhar. D’inis sé scéal faoina chuairt ar Éirinn an samhradh seo caite. ‘Chuaigh mé chuig club darbh ainm Copper Face Jacks,’ arsa sé. ‘Thug an bainisteoir cárta óir dom. Lig sé dom dul isteach saor in aisce agus gan fanacht sa scuaine mhór.’
Tagann Kal go hÉirinn go minic lena fiancé. Bíonn an cárta i gcónaí ina sparán aige. ‘Ní dhíolfainn é choíche!’ arsa sé.

Bhí na hÉireannaigh ar bís nuair a chuala siad an scéal seo. Scríobh duine amháin ar na meáin shóisialta: ‘A Thiarcais, tá mé ag caoineadh! Tá sé seo iontach!’
Dúirt duine eile: ‘Cárta óir Coppers – is beagnach pas Éireannach é sin!’
Scríobh duine eile: ‘Harold agus Kumar ag dul go Coppers – an raibh sé ag caitheamh dathanna a chontae?’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.