

Dhá bhliain ó shin bhí ar Ryan Tubridy RTÉ a fhágáil de bharr scannal mór agus tá sé fós ag dul i ngleic leis, ach admhaíonn sé go bhfuil sé níos éasca air a scíth a ligean anois.
Labhair an láithreoir faoin gcaoi a smaoiníonn sé go minic ar an dráma ar fad sa chraoltóir náisiúnta – agus dar leis, easpa cumarsáide ba chúis leis.

Admhaíonn Ryan áfach nach mbíonn néal gan ghealán agus spreag an hurlamaboc é triall a bhaint as rudaí nua.
Ag labhairt dó ar an bpodchraoladh ‘Life and Leadership’ le Bobby Kerr ar Newstalk, dúirt Ryan nár bhain sé taitneamh as an méid ar fad a tharla agus go bhfuil rudaí déanta aige anois nach raibh sé riamh ag súil leis.
‘Is duine difriúil mé anois, tá athrú tagtha ar mo DNA, tá léargas difriúil agam agus sílim go bhfuil sé níos éasca dom mo scíth a ligean,’ a dúirt Ryan.
Dar le Ryan, bhí an deis ann úsáid a bhaint as an gcumarsáid le cuid den achrann a sheachaint.
‘Sílim le cumarsáid níos fearr, anailís níos fearr, bheadh muid ar fad i bhfad níos sásta anois,’ a deir Ryan.
Dúirt sé freisin gur cheap sé gur jóc a bhí ann nuair a chuala sé go bhfuair Gerry Ryan bás.
‘Bímid fós ag caint faoin nglaoch, dúirt mé gur botún a bhí ann agus go mbeadh Gerry ann ag magadh faoi.’
Is ina dhiaidh sin a thuig sé go bhfuair Gerry Ryan bás tragóideach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.