

Faigheann os cionn trí cheathrú de dhaoine fásta in Éirinn teachtaireachtaí bradacha a bhain le caimiléireacht dar le heagraíocht taighde.
Dar le suirbhé ó FRAUDSMART, dúirt 78% de dhaoine fásta go ndearna caimiléirí iarracht teagmháil a dhéanamh leo agus dúirt 45% gur tháinig méadú ar na teachtaireachtaí bradacha le bliain anuas.

Go príomha, bhain na caimiléirí úsáid as glaochanna fóin agus teachtaireachtaí téacs.
Fuair 58% de na daoine sa suirbhé teachtaireachtaí téacs ó chaimiléirí. Fuair 52% glaochanna bradacha agus fuair 48% ríomhphostanna bradacha.
Dúirt tromlach 58% de dhaoine go ndéanann siad iarracht ar leith caimiléirí a sheachaint agus déanann siad blocáil ó uimhreacha amhrasacha.
Dúirt os cionn 50% de dhaoine freisin nach bhfreagraíonn siad téacsanna agus glaochanna ó uimhreacha nach n-aithníonn siad agus a d’fhéadfadh a bheith ó scéimeanna caimiléireachta.
Áfach, ní dúirt ach 53% de dhaoine nach mbrúnn siad ar naisc a bhíonn le fáil i dteachtaireachtaí bradacha ar an bhfón nó ar líne scéimeanna caimiléireachta.
Tá níos lú ná aon trian de dhaoine ag baint úsáid as cúramaí slándála bunúsacha agus iad ar líne.
Thuairiscigh 32% de dhaoine go mbíonn siad ag lorg na litreacha ‘https’ nuair a bhíonn siad ar suíomh gréasáin áirithe, dúirt 27% nach mbaineann siad úsáid as Wi-Fi poiblí, agus dúirt 27% go mbíonn siad ag lorg íomha de ghlas nuair a cheannaíonn siad earra ar líne.
Dúirt Niamh Davenport ó BPFI: ‘Tá neart le déanamh fós le cinntiú go bhfuilimid ar an eolas agus ag déanamh rudaí chun muid féin a chosaint ó na scéimeanna caimiléireachta a bhaineann le teachtaireachtaí bradacha.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.