Gavin agus an coiste ag déanamh leasuithe ar rialacha nua an CLG

09/03/2025

Dúirt Jim Gavin go mbeadh sé féin agus an coiste atá i bhfeighil na rialacha nua sa pheil CLG ag éisteacht leis na cáinteoirí. Rinne siad é sin agus seo roinnt athruithe móra

Tá cuid de rialacha nua ó choiste Jim Gavin peile CLG á leasú, ach cheana féin tá éileamh ar athrú eile freisin.

Tá an chuid is mó de na leasuithe ar na rialacha nua ann mar gur éist an coiste atá i bhfeighil na rialacha nua agus Jim Gavin le bainisteoirí agus imreoirí na gclubanna.

Is é an moladh is déanaí ná go dtiocfadh deireadh leis an gcluiche tar éis don liathróid a bheith curtha as an imirt.

Dúirt Gavin, an tseachtain seo caite, go mbeidh athraithe ag teacht ar na rialacha nua
Dúirt Gavin, an tseachtain seo caite, go mbeidh athraithe ag teacht ar na rialacha nua

Baineann leasuithe tábhachtacha eile le rudaí a tharla le linn na gcluichí sa tSraith Allianz go dtí seo, agus atá ina n-ábhar mórán plé . Tabharfar na leasuithe isteach don dá bhabhta deiridh den tsraith, mar sin beidh imreoirí tar éis iad a úsáid sula dtosaíonn an chraobh. Áirítear leo:

Beidh riail 3v3 ina riail 3v4 anois – ciallaíonn sé sin go gcaithfidh 3 imreoir agus an cúl báire fanacht siar. Má bhogann an cúl báire go dtí taobh an fhreasúra, caithfidh imreoir eile fanacht siar.

Mar sin féin, má théann imreoirí ceithre mhéadar thar an líne leath bealaigh agus mura bhfuil siad mar chuid den imirt ní ghearrfar pionós orthu.

Is féidir le himreoir a ghlaonn ‘marc’ air imirt ar feadh ceithre mhéadar agus má thugtar dúshlán dóibh gheobhaidh siad cic saor le buntáiste 50 méadar.

Bhí leasuithe molta ar na rialacha nua ina n-ábhar mórán plé agus bhí sé ráite ag ceannaire an Choiste Athbhreithnithe Peile Jim Gavin go n-éistfeadh siad leis na léirmheastóirí agus go ndéanfadh siad athruithe dá mbeadh gá leo.

Dúirt Gavin, an tseachtain seo caite, go mbeidh athraithe ag teacht ar na rialacha nua.

Tá cúig bhabhta imeartha anois sa tSraith Náisiúnta agus tá Gaillimh, Muineachán, Cill Dara agus Loch Garman chun tosaigh sna rannóga ar fad.

I Rannóg 1 agus 2, bhí go leor scór ann sna cluichí ar fad beagnach agus tugadh moladh mór do na rialacha nua.

Agus chuir cuid de na rialacha nua isteach go mór ar bhainisteoir Ard Mhaca Kieran McGeeney. Freisin, dúirt bainisteoir na Mí Robbie Brennan nár bhreathnaigh an cluiche nua ‘cosúil le peil Ghaelach’.

Chomh maith, tá bainisteoir an Chláir Peter Keane agus bainisteoir Ros Comáin Davy Burke théis athraithe áirithe a mholadh. Teastaíonn uathu freisin go mbeidh an chaoi a gcuirtear na rialacha nua i bhfeidhm níos soiléire.

‘Ba bhreá liom dá n-athrófaí an riail a chuireann bac ar an gcúl báire teacht amach do lár na páirce beagáinín’, a dúirt Keane le RTÉ. ‘Sílim go bhfuil 12 v 11 míchothrom.

‘Bheadh imní orm freisin go mbíonn ar chiceanna amach an chúil bháire an áirse 40-méadar a shroicheadh. Tá imní orm faoi pheil na gclub. An gcuirfidh sé brú ar chúil bháire áirithe.’

Chuir Burke fáilte roimh na rialacha nua ach luaigh sé athraithe beaga gur mhian leis a fheiceáil ag teacht ó Gavin agus an coiste.

‘D’athróinn an cúilín ar luach dhá phointe chuig cic saor’ a dúirt sé. ‘Tá an-scil ag na himreoirí agus is féidir leo iad a chiceáil thar an trasnán gan mórán dua.’

Chas Gavin agus an Coiste Athbhreithnithe Peile le chéile don 50ú huair oíche Dé Luain agus ghlac siad gur chóir do Lárchoiste an CLG athbhreithniú a dhéanamh ar mholtaí chun na rialacha nua a athrú beagáinín.

Dúirt Gavin go mbíonn níos mó brú ar na himreoirí de bharr na rialacha nua agus déanfar athbhreithniú orthu nuair a bheidh fáil ar shonraí ó na contaetha ar fad.

Má bhogann an cúl báire go dtí taobh an fhreasúra, caithfidh imreoir eile fanacht siar
Má bhogann an cúl báire go dtí taobh an fhreasúra, caithfidh imreoir eile fanacht siar

‘Tá neart moltaí déanta againn maidir leis na hathraithe seo’ a dúirt sé le raidió RTÉ Dé Máirt.

‘Anuraidh bhí 7,000 freagraí  ann ar shuirbhé a bhí dírithe ar 1,200.

‘Tá aiseolas faighte uainn ó bhainisteoirí na gcontae, thug iarratas don GPA ó Cholm Begley aiseolas ar leith dúinn. Chualamar ó bhainisteoirí na gcontaetha chomh maith, cé nach nglacann siad páirt i 2% de na cluichí a reáchtálann an Cumann, ach tá siad thar a bheith tábhachtach.

‘Bíonn siad i mbéal an phobail ar feadh 26 seachtain i rith na bliana, agus tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éistimid leo. Caithfimid éisteacht leis na clubanna chomh maith,’ a dúirt Gavin.

‘Tá fonn ar duine go mbeidh imreoirí ag beir greim ar liathróidí arda, go mbeidh cic-phasáil, go mbeidh scóir a aimsiú níos faide amach agus go mbeidh an-iomaíocht ann idir na himreoirí.’

‘D’éisteamar le gach duine, agus nuair a fheiceann daoine na moltaí atá déanta againn, feicfidh daoine é sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram