Tá Grá an Trá ag teacht ar ais ar Virgin Media

06/03/2025

Beidh Grá an Trá le feiceáil an tseachtain seo chugainn gan iomaitheoir a ciontaíodh de bharr ionsaí ar bhean

Ní bheidh fear a ciontaíodh de bharr ionsaí ar bhean i 2022 le feiceáil ar an tsraith nua de Grá ar an Trá, an clár geandála Gaeilge ar Virgin Media, cé gur ghlac sé páirt ann.

Bhí Michael Prendeville, fear 30 bliain d’aois as Lios Póil, Ciarraí, le bheith ina iomaitheoir ar an gclár Grá ar an Trá chomh maith leis an gclár ‘Love in the Country’ ar RTÉ.

Ciontaíodh an Ciarraíoch ar chúiseanna a bhain le hionsaí ar bhean i gCúirt Dúiche an Neidín ar an 2 Nollaig, 2022, ach ghlac sé páirt ar na cláranna teilifíse tar éis é seo.

Beidh Gráinne le feiceáil arís mar ‘An Cinnire Grá’ agus beidh Síomha Ní Ruairc agus James Kavanagh ag glacadh páirt arís mar ‘Bhean agus “Man” an Tí
Beidh Gráinne le feiceáil arís mar ‘An Cinnire Grá’ agus beidh Síomha Ní Ruairc agus James Kavanagh ag glacadh páirt arís mar ‘Bhean agus “Man” an Tí

Bhí an dara sraith den chlár geandála Grá ar an Trá curtha ar athlá Mí Dheiridh Fómhair de bharr go raibh Gráinne Seoige ag seasamh mar iarrthóir le Fianna Fáil don Dáil i nGaillimh Thiar.

Níor lig na rialacha craoltóireachta do Virgin Media an clár a thaispeáint nuair a bhí an t-olltoghchán ar siúl.

Teastaíonn ó Choimisiún na Meán go mbíonn an t-am céanna ag gach iarrthóir ar an aer nuair a bhíonn toghcháin ar siúl agus cuireadh moill ar an gclár dá bharr.

Áfach níor éirigh le Seoige suíochán a bhaint amach.

An tseachtain seo caite, dheimhnigh Virgin Media nach mbeadh an dara sraith den chlár geandála á chraoladh go dtí an Luain seo chugainn ar an 10ú Márta, agus go mbeidh na cúig eipeasóid ar fad le feiceáil i rith na seachtaine.

Beidh Gráinne le feiceáil arís mar ‘An Cinnire Grá’ agus beidh Síomha Ní Ruairc agus James Kavanagh ag glacadh páirt arís mar ‘Bhean agus “Man” an Tí.’

I mbliana le Grá , beidh iomaitheoirí in ann vóta rúnda a chaitheamh do na lánúineacha nach bhfuil ag déanamh iarrachta rudaí a fhoghlaim.’

Bhí 12 iomaitheoir ag glacadh páirt, ach anois go bhfuil an scéal amach faoi chiontú Prendeville, ní bheidh ach deichniúr le feiceáil. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram