Ólachán; Ná bac leis ar Lá Fhéile Pádraig: Tá go leor roghanna eile seachas ólachán, seo cuid acu

16/03/2025

Idir ranganna ióga le kombucha nó damhsa ‘techno-drift’, tá imeachtaí gan alcól ar siúl do chách agus go leor roghanna seachas ólachán

Agus féile Lá Fhéile Pádraig ag teacht, beidh alcól san áireamh ag go leor daoine ag ceiliúradh, agus ólachán mar thoradh ar sin go minic.

Mar sin féin, tá roghanna eile ann agus tá níos mó daoine óga á lorg, agus iad ag iarraidh bealach níos sláine chun spraoi a bheith acu.

Mar shampla d’éirigh na mílte duine as an ólachán i rith mhí Eanáir agus iad ag díriú isteach ar an tsláinte i ndiaidh na Nollag.

Spreag sé neart daoine le héirí as an ólachán ar feadh na bliana ar fad. Ach mar is eol do chách in Éirinn, is minic a bhíonn imeachtaí sóisialta ar siúl sa teach tábhairne leis an ólachán.

Mar sin, is féidir leis a bheith deacair orthu siúd a dhéanann iarracht an t-ólachán a sheachaint – ach tá an t-uafás imeachtaí gan alcól ar siúl i mBleá Cliath.

Idir ranganna ióga le kombucha nó damhsa ‘techno-drift’, tá imeachtaí gan alcól ar siúl do chách sa phríomhchathair.

Wanderlust gan ólachán
Wanderlust gan ólachán

WANDERLUST

Is grúpa damhsa é Wanderlust atá lonnaithe i mBleá Cliath agus d’éirigh leo damhsa gan ólachána chur cinn san ardchathair le himeachtaí nuálacha agus seinnliostaí iontacha.

Thug bunaitheoirí Wanderlust, Rachel Mulqueen, Finn Stoneman agus Eoin Hynes, le fios gur thug an saol damhsa agus teicneó i mBeirlín inspioráid dóibh imeacht gan alcól a bhunú in Éirinn.

‘Tháinig an smaoineamh ón ngluaiseacht “Technodrift” i mBeirlín. I rith Covid, bhíodh daoine ag dul amach ar na sráideanna nó chuig na páirceanna le n-éisteacht le ceol ar a gcluasáin, mar bhí spás poiblí caillte acu – na clubanna.’

‘D’aithníomar é sin, agus fiú gan Covid, bhí Bleá Cliath ag cailliúint na spásanna. Cheapamar go mbeadh sé go maith rud mar sin a dhéanamh anseo.’

‘Ba mhaith linn go mbeidh saol an damhsa i mBleá Cliath níos éagsúla, le go mbeadh spásanna ar fáil gan alcól.’

RAVE TO REMEMBER

Tá imeacht nua ar siúl i mBaile Átha Cliath darbh ainm ‘Rave to Remember’, ach beidh caife in ionad ólachán mar spreagadh don dream a bhíonn i láthair.

Ag labhairt dó le ExtraG, dúirt an DJ Shireen Langan go mbíonn gá le spásanna sóbráilte le cur in iúl do dhaoine gur féidir cóisir a eagrú áit ar bith, am ar bith.’

Beidh an chéad imeacht eile ar siúl an 2 Márta, i siopa caife Grindstone i mBÁC.

SUNFLOWER SESSIONS

Faoi láthair, tá Sunflower Sessions ag fáil aitheantais mar cheann de na himeachtaí is spleodraí i mBleá Cliath.

Bunaithe i 2023 ag dlúthchairde KK Lewis agus Mila Gratzer, theastaigh uathu imeacht nuálach a eagrú le pobal nua a chruthú a bhí bunaithe ar an gceol agus imeachtaí eile cosúil le ióga agus filíocht.

Ag labhairt dóibh le ExtraG, dúirt siad: ‘Cuireadh tús le Sunflower Sessions nuair a chríochnaíomar sa choláiste agus chaitheamar am ag taisteal.

‘Nuair a thángamar abhaile, thugamar faoi deara nach raibh mórán roghanna sóisialta ann do dhaoine nár theastaigh uathu dul go dtí an teach tábhairne.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram