

Labhair Adam Idah faoin uair a d’imir sé iománaíocht nuair a bhí sé níos óige, rud a chuidigh go mór leis agus é ag imirt sacair le Celtic faoi láthair.
Beidh seaimpíní na hAlban ag teacht go baile dúchais Idah le cluiche cairdiúil a imirt i gcoinne Cumann Peile Chathair Chorcaí i bPáirc Uí Chaoimh ar an 8ú Iúil.
D’imir Idah peil Ghaelach agus iománaíocht lena chlub áitiúil i nDúglas (Douglas), sular bhog sé go Norwich City le gairm a bhaint amach mar imreoir sacair proifisiúnta.

Cé go bhfuil sé ag imirt sacair le foireann na hÉireann faoi láthair, thug Idah le fios nach raibh fonn air bogadh go Sasana nuair a bhí sé níos óige mar theastaigh uaidh fanacht i gCorcaigh le hiománaíocht a imirt.
Dúirt Idah, áfach, go bhfuil sé den tuairim gur ‘oibrigh rudaí amach go maith ar deireadh.’
‘Is breá liom an iománaíocht. Chonaic mé na buachaillí ag imirt sa chluiche ceannais le déanaí,’ a dúirt Idah.
‘Tá sé i bhfad níos ionsaithí ná an pheil. Is dócha go ligeann spórt ar bith duit do nádúr mar imreoir a fhorbairt’
‘Níor imir mé i gCorcaigh ó nuair a bhí mé 15 agus níor cheap mé go dtiocfainn ar ais le himirt anseo riamh. Ach beidh sé thar cionn teacht ar ais i rith an tsamhraidh.
Tabharfaidh Celtic aghaidh ar Hibernian Dé Domhnaigh seo don chluiche ceathrú ceannais i gCorn na hAlban.
Anuraidh, d’éirigh le hIdah an Corn a shlánú do Celtic nuair a d’éirigh leis cúl a aimsiú ag deireadh an chluiche ceannais i gcoinne Rangers.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.