

Tá an tOscar is fearr do scannán faisnéise buaite ag scannán a rinne grúpa déantóirí scannán Palaistíneacha agus Iosraelacha – agus le linn na ngradam thug siad óráid chumhachtach faoi mhí-úsáid muintir na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar (West Bank).
Fiú le linn na n-ionsaithe uafásacha ar thithe teaghlaigh agus ospidéil in Gaza, chuir údaráis Iosrael iachall ar na Palaistínigh imeacht óna dtithe sa Bhruach Thiar freisin, ionas gur féidir le daoine ar fud an domhain dul ann agus cónaí ann.
Insíonn an scannán No Other Land scéal an scartáil leanúnach ag údaráis Iosrael ar cheann de na ceantair sin, Masafer Yatta, bailiúchán sráidbhailte.

Tá Masafer Yatta i sléibhte Hebron ar an mBruach Thiar áit a bhfuil Basel Adra, duine de na stiúrthóirí, ina chónaí lena theaghlach.
Rinne Adra an scannán leis an iriseoir Iosraelach Yuval Abraham, a chomhstiúraigh é in éineacht leis an scannánóir Palaistíneach Hamdan Ballal agus an scannánóir Iosraelach Rachel Szor.
Léiríonn an scannán faisnéise iarracht rialtas Iosrael na daoine Palaistíneacha a dhíshealbhú trí fhórsa, tar éis dóibh a rá go raibh siad ag iarraidh an áit le haghaidh saoráid traenála míleata agus raon lámhaigh (shooting range) i 1981.
Agus tagann sé seo ag am ina bhfuil feachtasóirí sa tír seo fós ag cur brú ar airí Rialtas na hÉireann a ngeallúint toghcháin a choinneáil chun stop a chur le tacú le lonnaitheoirí i gceantair mhídhleathacha den Bhruach Thiar.
Mharaigh saighdiúirí Iosraelacha deartháir Adra, agus déanann na lonnaitheoirí ionsaí leanúnach ar mhuintir na háite.
Agus leanann na hionsaithe ar aghaidh.
Fiú agus na scannánóirí ag bailiú a gcuid Oscar, rinne lonnaitheoirí Iosraelacha agus saighdiúirí Iosraelacha ionsaí ar bhaill an phobail, de réir CNN.
D’ionsaigh siad na daoine áitiúla agus rinne siad damáiste dá gcuid umar uisce.
Ó thús na bliana tá Iosrael tar éis iachall a chur ar 40,000 duine imeacht as a dtithe sa Bhruach Thiar, dar leis na Náisiúin Aontaithe.
Maíonn Iosrael go bhfuil a n-arm sa Bhruach Thiar chun ionsaí a dhéanamh ar ghrúpaí míleatacha na Palaistíne ach tá sé ráite ag grúpaí cearta daonna sa cheantar go bhfuil na héilimh sin bréagach.
Agus dúirt an roinn cosanta go bhfuil an ghabháil ar níos mó talamh den Bhruach Thiar mar pholasaí ag rialtas Iosrael.
Le linn a óráid glactha ag an searmanas Oscar dúirt Adra go bhfuil muintir an cheantair ‘ag fulaingt le blianta fada’ agus go leanann a bhfulaingt faoi láthair.
‘Iarraimid ar an domhan céimeanna a ghlacadh chun deireadh a chur leis an éagóir seo,’ a dúirt sé.
D’éiligh Abraham go gcuirfí deireadh le ‘scrios uafásach Gaza’ agus scaoileadh gialla Iosraelacha.
‘Chruthaigh muid an scannán seo le chéile, na Palaistínigh agus na hIosraelaigh, mar tá ár nguthanna níos láidre le chéile,’ a dúirt sé.
Tá roinnt duaiseanna buaite ag an scannán cheana féin. Mar chomhartha ar láidreacht an chumhacht atá ag Iosrael ar fud go leor náisiúin an iarthair, áfach, tá an bheirt cáinte ag oifigigh na Gearmáine as sos cogaidh a iarraidh in Gaza.
Chomh maith leis sin, dhiúltaigh stiúideonna agus seirbhísí ar líne sna Stáit Aontaithe an scannán a thaispeáint ach, ina ainneoin sin, is é No Other Land an clár faisnéise is airde a d’ainmnigh Oscar, dar le Al Jazeera.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.