

An aimsir go ginearálta: Tús socraithe don Earrach meitéareolaíochta, gan ach báisteach éadrom nó ceobhrán ó am go chéile.
An aimsir don Aoine
Tús fuar le sioc, oighear agus ceo, ag glanadh ar maidin. Lá tirim den chuid is mó a bheidh ann le neart gréine ar feadh tamaill, ag éirí ceobhránach níos déanaí de réir mar a mhéadaíonn scamall ón iarthar.
Teochtaí is airde de 7 go 10 gcéim le gaoth éadrom go measartha den chuid is mó ó dheas, ag méadú ó úr go láidir i gcodanna cósta an iarthair agus an iarthuaiscirt.
Oíche Aoine: Tar éis tús tirim, beidh ráigeanna báistí san iarthuaisceart agus sínfidh siad trasna cuid mhór de Chúige Uladh, Chonnacht agus iarthar na Mumhan thar oíche.
An teocht is ísle de 1 go 7 gcéim, is fuaire san oirdheisceart, le gaoth éadrom go measartha ó dheas.
An aimsir don Satharn
Leanfaidh an bháisteach ag bogadh soir ó dheas ar fud an chuid eile den tír maidin Dé Sathairn, ag éirí níos éadroime. Beidh aimsir níos tirime agus níos gile ina dhiaidh. An teocht is airde de 8 go 11 céim le gaoth éadrom go measartha ó dheas.
Oíche Shathairn: Tirim le tréimhsí soiléir. Roinnt paistí sioc agus oighreata le teocht is ísle de -2 go +3 céim. Ceo agus ceobhrán i ngaoth éadrom agus athraitheach.
An aimsir don Domhnach
Go ginearálta tirim le meascán de scamall agus tréimhsí grianmhara. Teochtaí is airde de 9 go 12 céim le gaotha éadrom go measartha siar ó dheas, úr uaireanta in aice le cóstaí an Atlantaigh.
Oíche Dé Domhnaigh: Ag éirí níos scamallaí, le roinnt báisteach éadrom san iarthar agus thuaidh. An teocht is ísle de 2 go 8 gcéim, is fuaire san oirdheisceart, le gaoth éadrom go measartha siar ó dheas.

An aimsir don Luan
Scamailleach le báisteach éadrom fánach nó ceobhrán sa tuaisceart agus san iarthar. Níos tirime le sealanna níos gile sa deisceart. An teocht is airde de 10 go 13 céim le gaoth éadrom go measartha siar ó dheas.
Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast
Drochaimsir = Bad weather
Báisteach = Rain
Ceo = Fog
Ceobhráin = Mist or drizzle
Brádán báistí = Drizzle
Múraíl báistí = Showers of rain
Sneachta = Snow
Flithshneachta = Sleet
Clocha sneachta = Hailstones
Faoi bhun an reophointe = Freezing
Sioc = Frost
Tréimhsí Gréine = Sunny spells
Ráigeannaí báistí = Bursts of rain
An ghaoth aduaidh = The wind from the north
An ghaoth aneas = The wind from the south
An ghaoth aniar = The wind from the west
An ghaoth anoir = The wind from the east
An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest
An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.