Máirt na hInide: An Gaeilge ar Pancake Tuesday, Ash Wednesday agus Lent

02/03/2025

Bain sult as d’fhéasta ar Mháirt na hInide, mar ina dhiaidh sin tagann Céadaoin na Fuinseoige agus an Charghais (cad iad sin?)

Tá ocht seachtain den bhliain nua caite againn beagnach agus anois, le teacht an Earraigh, táimid ag tnúth go mór le Máirt na hInide (pancake Tuesday) agus an Carghas (Lent) ag teacht freisin.

I mbliana, beidh Máirt na hInide ar siúl Dé Máirt seo chugainn agus an lá arna márach beidh Céadaoin na Luaithrigh (Ash Wednesday) le tús a chur leis an gCarghas.

I rith an Charghais, tugann go leor Caitlicigh ómós do Íosa Críost a chaith 40 lá agus oíche ag guí agus ag troscadh sula bhfuair sé bás ar an gcros.

Táimid ag tnúth go mór le Máirt na hInide (Pancake Tuesday)
Táimid ag tnúth go mór le Máirt na hInide (Pancake Tuesday)

CATHAIN A BHEIDH MÁIRT na hINIDE?

Beidh Máirt na hInide ar siúl Dé Máirt seo chugainn agus go minic itheann daoine pancóga ar an lá seo.

Tugann an lá deis do Chaitlicigh taitneamh a bhaint as rud ar bith a bheidh siad ag éirí as don Charghas.

CATHAIN A BHEIDH CÉADAOIN NA LUAITHRIGH?

Beidh Céadaoin na Luaithrigh ar siúl 5ú Márta – an chéad lá den Charghas agus an lá tar éis Máirt na hInide .

Bíonn seirbhísí aifrinn speisialta ar siúl agus cuirtear crois le luaithrigh ar chinn na ndaoine atá i láthair.

Go minic ní itheann daoine feoil ar feadh an lae chomh maith.

CATHAIN A BHEIDH AN CARGHAS?

Bíonn an Carghas ar siúl ar feadh na 40 lá roimh an Cháisc, agus moltar do Chaitlicigh éirí as rud éigean taitneamhach le ómós a thabhairt ar íobairt Íosa Críost.

Chaith Íosa 40 lá agus oíche ag guí agus ag troscadh sula bhfuair sé bás ar an gcros. Éiríonn an-chuid daoine as rudaí taitneamhacha agus iad fós ar scoil.

Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn daoine chomh dian sin ach fós féin tugann sé deis mhaith do dhaoine éirí as drochnósanna.

GettyImages 522241854

CÉARD IAD NA RUDAÍ IS COITIANTA A ÉIRÍONN DAOINE AS I RITH AN CHARGHAIS?

Anuraidh, léirigh sonraí ó Google Trends gurb é an t-alcól an rud ba choitianta gur éirigh daoine as don Charghas.

Ina theannta sin, bhí siúcra, seacláid agus milseáin an-choitianta. Freisin, thaispeáin na sonraí gur éirigh an-chuid daoine as na meáin shóisialta chomh maith.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram