Stailc mar gheall ar chiorruithe an DUP ar bhuiséad teanga na 32 Contae

Bhí stailc ag pobal na Gaeilge fud fad na tíre don chéad uair riamh agus iad ag éileamh ar na rialtais, thuaidh theas, infheistíocht chothrom a dhéanamh sa Ghaeilge

Mhínigh oibrithe na Gaeilge nach raibh an dara rogha acu ach RAIC a thógáil agus dul ar stailc mar gheall ar easpa gníomhaíocht ón dá rialtas in Éirinn faoi easpa infheistíochta agus easpa measa ar an teanga.

Bhí breis agus 40 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre ar stailc leath-lae Dé Céadaoin mar chuid den fheachtas RAIC (Réiteach Anois, Infheistíocht Chothrom).

Bhí ann chun éilimh ar an dá rialtas, thuaidh agus theas, aisiompú a dhéanamh ar na ciorruithe is déanaí de €820,000 a d’fhógair Foras na Gaeilge.

Tá sé fógartha go mbeidh breis agus 40 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre ag dul ar stailc leath-lae
Tá sé fógartha go mbeidh breis agus 40 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre ag dul ar stailc leath-lae

Tá siad ag iarraidh go mbeadh maoiniú cuí ar fáil don Fhoras agus réiteach fadtéarmach do mhaoiniú na Gaeilge. 

Tá sé mar aidhm ag an fheachtas RAIC réiteach a fháil ar an dífheistíocht fhadtéarmach agus easpa comhionannais agus maoinithe in earnáil na Gaeilge agus éileamh a dhéanamh go réiteofar an éigeandáil gearrtéarmach agus fadtéarmach. 

Tagann an ciorrú is déanaí seo tráth a bhfuil an DUP ag cur bac ar an mholadh atá ar an tábla chun leasú a dhéanamh ar struchtúr maoinithe an Fhorais Teanga.

I láthair na huaire, tagann 25% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón rialtas ó thuaidh agus 75% ón rialtas ó dheas agus ní féidir le ceachtar den dá rialtas airgead breise a chur i dtreo bhuiséad an Fhorais gan a chomhionann ón rialtas eile.

Le déanaí, aontaíodh socrú nua idir an dá Aire Airgeadais, fríd an Chomhairle Aireachta thuaidh-theas, a thabharfadh cead do cheachtar den dá rialtas airgead breise a chur i dtreo bhuiséad an Fhorais Teanga gan a chomhionann ón rialtas eile.

Ní mór don Fheidhmeannas ó thuaidh a mbeannacht a thabhairt don leasú nua seo, ach tá bac curtha ag an DUP roimh an mholadh sin dul ar chlár oibre an Fheidhmeannais breis agus cúig huaire ó bhí mí na Samhna ann.

Leis sin, tá cros a dhéanamh ag an DUP ar mhaoiniú breise don Ghaeilge ar bhonn 32 contae tráth a bhfuil Rialtas na hÉireann a rá go bhfuil airgead breise acu réidh le dul láithreach chuig an Fhoras. 

Rinne lucht tacaíochta na Gaeilge iarracht tacaíocht a fháil ón LeasChéad-Aire sa Tuaisceart, Emma Little-Pengelly, den DUP, ach níor chabhraigh sí leis an scéal.

I measc éilimh an fheachtais, tá na grúpaí ar lorg:

  • Go nglacfaidh an dá Rialtas leis an mhúnla nua maoinithe molta ag na Ranna Airgeadais láithreach bonn;
  • Gealltanas ó Fhoras na Gaeilge go mbeadh aisiompú ar an €820,000 do dheontaithe mar chéad tosaíocht in aon mhaoiniú breise a fhaightear ó na Rialtais;
  • Ar a laghad an €20 milliún sa bhreis a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge faoi mar atá luaite sa Phlean Fáis, plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht aontaithe idir 130 grúpa, agus;
  • Gealltanas ó Fhoras na Gaeilge go maoineofar na tionscadail / deontaithe luaite sa Phlean Fáis mar thosaíocht d’aon mhaoiniú sa bhreis faighte ón dá Rialtas nó aon Rialtas amháin.
Emma Little-Pengelly
Emma Little-Pengelly

Ag labhairt roimh an stailc, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin: ‘Is trua liom go bhfuil orainn dul ar stailc inniu ach tógadh an cinneadh an gníomh seo a dhéanamh mar nach raibh an dara rogha fágtha againn.

Tá na ciorruithe is déanaí atá fógartha ag Foras na Gaeilge iomlán tubaisteach agus ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí atá go mór faoi bhrú cheana féin ó thaobh maoinithe de.’

Dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cill Dara le Gaeilge: ‘Beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, don chéad uair riamh, ag dul ar stailc an Chéadaoin seo, chun seasamh aontaithe a thógáil i gcoinne ciorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge.

‘Tá sé scannalach go mothaíonn grúpaí, ó achan chearn den tír, gur gá gníomh stailce a thógáil chun an dá rialtas a bhrú chun tosaigh leis an cheist seo.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram