
Cé go mbíonn a daid Chris De Burgh i mbéal an phobail in éindí le Rosanna, bhí a máthar ina crann taca di thar na blianta.
Is máthair anois í Rosanna agus tá triúr páiste óg aici, Sophia atá cúig bliana d’aois agus an cúpla Hugo agus Oscar atá trí bliana d’aois.
Ar ndóigh, ghlac Diane, máthar Rosanna, le ról an Mhamó ach nuair a fuair sí ailse fhola i 2022 ba thragóid é don chlann ar fad.

Agus í ag labhairt di leis an Irish Independent, dúirt Rosanna go raibh a máthair dearfach nuair a fuair sí an nuacht.
‘Mhothaigh sí i gcónaí gur aimsíodh go luath é, le tastáil fola rialta. Bhí sé i bhfad níos deacra ar na daoine mórthimpeall uirthi agus chuir sé faitíos orainne nuair a chonaiceamar í ag cailliúint a cuid gruaige,’ a dúirt sí.
‘Bhí sí an-lag nuair a tháinig sí amach as ospidéal an tsamhraidh seo caite.’
Agus nuair a bhí an teaghlach ag dul i ngleic leis an nuacht seo, bhí Diane in ann iad a chur ar a gcompord cé go raibh sí féin tinn.
‘Ní raibh fonn ar aon duine smaoineamh ar an gcás ba mheasa. Bhí sí féin chomh daingean agus dearfach. Lean sí uirthi ag rá “beidh mé togha”.’
Maidir lena páistí, d’admhaigh Rosanna nach raibh sí róchinnte faoin gcaoi go rachaidís i ngleic lena mamó ag cailliúint a cuid gruaige.
‘Bhearr sí é agus ansin chaill sí é, ach dúirt siad díreach go raibh gruaig ghearr ag mamó … agus bhí sé togha. Thug sé sin misneach di.’
Mí na Nollag 2023, dúradh le Diane go raibh gach rud i gceart agus tháinig biseach uirthi.
Do Rosanna agus a fear céile Wes, bliain dhearfach a bhí ann i mbliana. Cheannaigh siad teach buan Mí Mheán Fómhair seo caite agus bíonn siad ag roinnt eolais ar na meáin shóisialta faoin athchóiriú atá á dhéanamh acu.
Rinne sí cur síos ar an dul chun cinn atá déanta acu go dtí seo agus tá siad tar éis balla sa chistin a leagadh agus seomra codlata nua a dhéanamh.

D’admhaigh Rosanna áfach: ‘Thosaíomar ag cuartach teach foirfe nua dár gclann nuair a rugadh an cúpla ceithre bliana ó shin.
‘Áit speisialta le cuimhne clainne a dhéanamh. Níos túisce i mbliana d’aimsíomar é. Fuaireamar na heochracha Mí Mheán Fómhair seo caite agus thosaíomar ag déanamh pleanála le haghaidh obair inmheánach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.