An mbeidh ‘comhaontú’ síochána Trump san Úcráin ina bhua mór do Putin?

Deir Rúnaí Cosanta Donald Trump do cheannairí Eorpacha go gcaithfidh siad íoc as an gcogadh in aghaidh na Rúise agus nach féidir leis an Úcráin dul isteach i NATO

Tá cainteanna tosaithe ag Donald Trump agus Vladimir Putin chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus, de réir dealreamh, beidh an Rúis ag coinneáil roinnt talún a thóg sí ina hionradh brúidiúil.

Chuirfí an tsíocháin i bhfeidhm ar an Úcráin agus chaillfidís an talamh ar throid siad ar a son lena n-áirítear leithinis na Criméigh (Crimea), de réir tuairiscí.

Buille ollmhór a bheadh ​​ann don Úcráin tar éis trí bliana de throid ar son na saoirse.

Tiocfaidh sé seo mar bhuille trom don Uachtarán Zelensky
Tiocfaidh sé seo mar bhuille trom don Uachtarán Zelensky

Bhí cainteanna ag Trump le Putin in 2018, nuair a bhí sé ina uachtarán den chéad uair, agus mar sin bhíothas ag súil leis na cainteanna nua seo.

Dúirt uachtarán Mheiriceá go raibh glao gutháin ‘fada agus thar a bheith táirgiúil’ aige le Putin, agus d’aontaigh siad gur cheart tús a chur le cainteanna chun deireadh a chur leis an gcoimhlint ‘láithreach’.

Do Putin, is mór-éacht é seo, agus cuirfidh sé deireadh le hiarrachtaí chun é a aonrú (isolate) tar éis dó ionradh (invade) a dhéanamh ar an Úcráin beagnach trí bliana ó shin.

Ar ndóigh cuireadh tús leis an gcéim seo d’ionsaithe ar an Úcráin ón Rúis in 2014.

Ó atoghadh an tUasal Trump i mí na Samhna, tá uachtarán na Rúise á mholadh.

Táthar ag súil go n-athróidh formhór na dtíortha san iarthar a mbeartais idirnáisiúnta, agus go nglacfaidh siad le cur chuige Trump faoin Úcráin anois.

Tháinig an glao gutháin idir Trump agus Putin Dé Céadaoin tar éis fógairt rúnaí cosanta le hoifigigh de chuid na hÚcráine agus NATO.

Dúirt sé nár cheart go mbeadh an Úcráin ag súil le talamh a fháil ar ais, agus nár cheart dóibh dul isteach i NATO.

Sin cuid de na héilimh a bhí ag  Putin agus tiocfaidh sé seo mar bhuille trom don Uachtarán Zelensky.

Ó 2014 i leith, agus go háirithe leis an ionradh uileghabhálach trí bliana ó shin, tá thart ar 20% den tír i seilbh na Rúise.

D’éiligh Putin go gcoimeádfadh an Rúis a críocha faoi áitiú, nach rachadh an Úcráin isteach i NATO, go gcuirfí teorainn lena cumas míleata agus go gcuirfí stop le méadú NATO.

Tá sé ráite aige go bhfuil sé sásta dul isteach san idirbheartaíocht ar shocrú, ach ar a théarmaí amháin.

Is ‘cuspóir neamhréadúil’ é filleadh ar na teorainneacha mar a bhí siad roimh 2014, a dúirt Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, Dé Céadaoin.

Vladimir Putin
Vladimir Putin

Ag labhairt dó sa Bhruiséil, ag an gcéad chruinniú a bhí aige le NATO agus le hairí cosanta na hÚcráine, dúirt Hegseth leo go bhfuil sé i gceist ag Trump ‘deireadh a chur leis an gcogadh seo trí thaidhleoireacht agus go dtabharfaidh sé an dá thaobh le chéile’.

Ach má tá an Úcráin chun iarracht a dhéanamh an chríoch ar fad a ghabh an Rúis ó 2014 a fháil ar ais, ‘ní dhéanfaidh sin ach leanúint leis an gcogadh agus níos mó fulaingthe a chruthú,’ a dúirt Hegseth.

Dúirt Hegseth leis an gcruinniú freisin go bhfuil Trump ag súil go mbeidh níos mó freagrachta airgeadais agus míleata ar an Eoraip as cosaint na hÚcráine.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram