

Bheadh Ronan O’Gara san áireamh do ról idirnáisiúnta ar bith leis an méid atá bainte amach aige le La Rochelle sa Fhrainc.
D’éirigh leis an gCorcaíoch dhá Chraobh Eorpacha a shlánú don fhoireann as Iarthar na Fraince agus beidh siad san iomaíocht i mbliana le haghaidh comórtas an Top 14.
Dúirt O’Gara cheana go bhfuil sé mar sprioc aige a bheith ina bhainisteoir idirnáisiúnta am éigean agus bheadh laoch Chúige Mumhain sásta dul go Sasana nó an Fhrainc.

Tá folúntas anois ann sa Bhreatain Bheag go bhfuil an bata agus an bóthar faighte ag Warren Gatland ach tá an chuma ar an scéal nach mbeidh O’Gara ag dul go Cardiff.
Beidh jab san Astráil le fáil freisin ag deireadh na bliana nuair a bheidh Joe Schmidt ag éirí as tar éis an Chraobhchomórtais Rugbaí.
Ach in éindí leis na deiseanna seo, tá Hamilton den tuairim go bhfuil neart roghanna eile ag O’Gara – d’fhéadfadh sé teacht i gcomharbas ar Fabien Galthie sa Fhrainc.
‘Ní dóigh liom go mbeadh an Astráil fheiliúnach do Ronan O’Gara’, a dúirt Hamilton agus é ag labhairt dó ar an Rugby Pod.
‘Ar mhaith le O’Gara a bheith mar bhainisteoir ar an bhFrainc? Mura n-éiríonn go maith leis an bhFrainc i mbliana an mbeidh ar Galthié éirí as?’
Ar aon chuma, ní ar O’Gara atá lucht leanúna in Éirinn ag smaoineamh faoi láthair.
D’fhéadfadh níos mó roghanna a bheith ag Éirinn nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an mBreatain Bheag i gceann coicíse i gCraobh na Sé Náisiún.
Tar éis an bhua a fháil faoi dhó in éindí le dhá phointe bónais, beidh foireann na hÉireann ag tógáil sosa an tseachtain seo.
Beidh cuid de na fir ionaid ón bhfoireann ag imirt leis na Cúigí i rith na deiridh seachtaine ach tá sos tuilte go maith ag na príomh-imreoirí.
Beidh orthu filleadh ar an obair Dé Céadaoin áfach nuair a chuirfear tús le campa traenála i mBaile Átha Cliath.
Tá an chuma ar an scéal go mbeidh Tadhg Furlong ag teacht ar ais. Ní raibh seans ar bith aige a bheith ag imirt le foireann na hÉireann le tamall anois mar ghortaigh sé a chos i rith an tsamhraidh.
Áfach, d’eisigh an IRFU ráiteas le déanaí le rá go bhfuil ‘dul chun cinn maith’ déanta aige ar na mallaibh.
Ní raibh Joe McCarthy ag imirt ar feadh coicíse freisin, ach beidh sé san iomaíocht arís i gcoinne na Breataine Bige.
Beidh Mack Hansen ar fáil freisin. Ní raibh an Connachtach i láthair don chluiche i Murrayfield de bharr gortuithe.
Seo an chéad uair i mbliana go mbeidh an Bhreatain Bheag ag imirt gan Warren Gatland mar bhainisteoir. Ina áit beidh Matt Sherratt ann mar bhainisteoir sealadach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.