

D’fhéadfadh scrúdú fola meastachán a dhéanamh ar an mbaol atá ag duine ailse phutóige a fháil, rud a chuireadh go mór leis an ráta marthanais.
Tá eolaithe tar éis modh nua a fhorbairt chun an galar a aimsiú le cruinneas 90%.
Dar le tuairisc ó Chlárlann Ailse Náisiúnta na hÉireann (National Cancer Registry of Ireland), aimsítear 2,500 duine le hailse phutóige gach bliain sa tír – 1,453 fear agus 1,047 bean.

Faigheann níos mó daoine bás ó ailse na putóige ná ó aon chineál ailse eile seachas sa scamhóg. In Éirinn, faigheann 1,012 bás leis gach bliain ar an meán.
Tá baol níos mó ann go bhfaighidh daoine le galar putóige cosúil le galar Crohn an cineál seo.
Anois tá dochtúirí in ann tomhas a dhéanamh ar an mbaol atá ag othair maidir le hailse na putóige laistigh de thréimhse chúig bhliain.
Tá dóchas ag saineolaithe gur féidir imscrúdú fola a fhorbairt de bharr an dul chun cinn seo, rud a ligeadh do dhochtúirí an galar a aimsiú go luath gan scrúdaithe ionracha.
Dúirt an tOllamh Trevor Graham, ón Institiúid um Thaighde Ailse (Institute of Cancer Research, ICR) sa Bhreatain, a bhí i gceannas ar an taighde: ‘Tugann ár dtástáil agus ár n-algartam an fhaisnéis is fearr is féidir do dhaoine a bhfuil IBD orthu, agus do na dochtúirí a thugann aire dóibh, ionas go mbeidh siad in ann an cinneadh ceart a dhéanamh maidir le conas a riosca ailse a bhainistiú.
‘Is féidir linn na daoine sin atá i mbaol ard a aithint go cruinn agus ag an am céanna a thaispeáint do dhaoine eile nach gá dóibh a bheith faoi strus mar gheall ar an gceist.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.