

Tá sé ráite ag feirmeoirí go bhféadfadh ganntanas torthaí agus glasraí a bheith ann de bharr Stoirm Éowyn.
Dúirt Cumann Feirmeoirí na hÉireann (IFA) nach bhféadfadh an stoirm teacht ag am níos measa agus beidh cúnamh ón rialtas de dhíth ó tháirgeoirí le bia a sholáthrú d’ollmhargaí agus gnólachtaí.

Chuir an stoirm isteach go mór ar Niall McCormack atá mar chathaoirleach ar roinn na dtorthaí agus glasraí san IFA.
‘Táimid lonnaithe i ndeisceart Chontae an Longfoirt agus tá trí thulán (tunnels) caillte againne agus rinneadh damáiste uafásach chuig struchtúr ceann amháin acu’, a dúirt sé le Newstalk.
Thug McCormack le fios go raibh ar feirmeoirí cuid dá mbarraí a chaitheamh amach de bharr damáiste na stoirme.
‘Tuigeann feirmeoirí go gcuireann sé seo isteach ar gach duine sa phobal, ach tá fonn ar tháirgeoirí filleadh ar an gnó… Tá an-bhrú orthu agus níl mórán airgid fágtha sa sparán i ndáiríre agus tá cúnamh de dhíth.
Tá thart ar 156,5000 foirgneamh ar fud an oileáin fágtha gan cumhacht tar éis an stoirm. Tá iarrachtaí chun an líonra cumhachta a dheisiú ar bun ar feadh seacht lá anois.
Ag pointe amháin áfach, bhí 768,000 cuisliméirí de chuid an ESB gan cumhacht de bharr na stoirme.
Dúirt an ESB i ráiteas go raibh teicneoirí as an Ostair, an Fhionlainn agus an Bhreatain anois ag obair sna háiteanna is measa.
Tuigtear freisin go bhfuil criúnna ón bhFrainc leaindeáilte le cúnamh a thabhairt freisin.
Chas an t-Ionad Náisiúnta Comhardaithe Éigeandála (NECG) le céile le comhardú a dhéanamh ar iarrachtaí seirbhísí a chur i bhfeidhm arís.
Táthar ag súil go mbeidh neart gineadóirí (generators) cumhachta as an Pholainn agus an Danmhairg ag teacht go hÉirinn agus iarratas seolta anois chuig Meicníocht an Aontais Eorpaigh do Chosaint Sibhialta (EU Civil Protection Mechanism).

Tabharfar na gineadóirí seo chuig Uisce Éireann agus comhlachtaí teile-cumarsáide le seirbhísí uisce, fóin agus leathanbhanda.
Dúirt an tAire Tithíochta James Browne: ‘Ní fhacthas freagra mar seo riamh ar an stoirm stairiúl seo agus tá an rialtas ag déanamh a sheacht ndícheall le cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag fulaingt agus chun a seirbhísí a dheisiú comh sciobtha is gur féidir.’
Dúirt Keith Leonard, cathaoirleach an Ionaid Náisiúnta Chomhardaithe Éigeandála: ‘ Le 250 ionad éigeandála ag feidhmiú.. agus níos mó ag teacht, táimid ag tacú le húdaráis áitiúla.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.