

Cuirfear tús spleodrach le feachtas na hÉireann sa rugbaí i gCraobh na Sé Náisiún nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Shasana i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.
Tá painéal foirne rugbaí na hÉireann fógartha anois ag an mbainisteoir sealadach Simon Easterby atá ag seasamh isteach in áit Andy Farell.

Tá an fhoireann tar éis seachtain a chaitheamh sa Phortaingéil le haghaidh campa traenála agus fonn orthu díoltas a bhaint amach sa rugbaí i gcoinne na Sasanach théis an cliseadh uafásach i Twickenham anuraidh.
Bhí imní ag lucht leanúna na rugbaí maidir le gortaithe agus is léir nach nglacfaidh Tadhg Furlong in imeachtaí Dé Sathairn de bharr gortú ar a cholpa (calf).
Bhí ceist mhór ann maidir leis an té a chaithfeadh geansaí uimhir 10, ach tá an cinneadh déanta ag Easterby Sam Prendergast a roghnú thar Jack Crowley.
D’éirigh thar cionn le Predergast, nach bhfuil ach 21 bliain d’aois, nuair a d’imir sé san Autumn Nations Series agus d’éirigh tosú i gcoinne na hAstráile.
Beidh réalt Chúige Laighin sa rugbaí ag tacú le Jamison Gibson-Park ar an líne leathchúil.
Freisin beidh Ryan Baird ag imirt ar an líne ar chúl, rud a chiallaíonn go mbeidh Tadhg Beirne ag imirt chun tosaigh in éindí le James Ryan. Ní bheidh Joe McCarthy i láthair ar an bpáirc áfach.
Tugadh geansaí uimhir 3 go Finlay Bealham beidh sé ag imirt in éindí le Andrew Porter agus Ronan Kelleher.
Beidh Caelan Doris ag stiúradh rudaí ar pháirc na himeartha mar chaptaen na foirne agus beidh Josh Van der Flier le feiceáil ar a sheanléim arís comh maith.
Tá Easterby tar éis Bundee Aki a roghnú thar Robbie Henshaw agus beidh sé ag imirt i gcomhar le Garry Ringrose i lár na páirce.
Beidh Hugo Keenan ag imirt mar lánchúlaí agus Mack Hansen agus James Lowe taobh leis ar na cliatháin.
Ar an mbinse, tá áit faighte ag Iain Henderson in ionad McCarthy agus beidh Dan Sheehan ag filleadh freisin tar éis a ghlúin a ghortú san Aifric Theas i rith an tSamhraidh.
Cuirfear tús leis an gcluiche rugbaí i gcoinne Sasana ag 4.45in, Dé Sathairn agus beidh sé á chraoladh beo ar Virgin Media 1.

Foireann rugbaí na hÉireann: Hugo Keenan; Mack Hansen, Garry Ringrose, Bundee Aki, James Lowe; Sam Prendergast, Jamison Gibson-Park; Andrew Porter, Rónan Kelleher, Finlay Bealham; James Ryan, Tadhg Beirne; Ryan Baird, Josh van der Flier, Caelan Doris (C)
Fir ionaid: Dan Sheehan, Cian Healy, Thomas Clarkson, Iain Henderson, Jack Conan, Conor Murray, Jack Crowley, Robbie Henshaw.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.