Cuireadh stop le taifeadadh Bad Sister agus Sharon Horgan faoi bhrón

Labhair Sharon Horgan go hoscailte faoina mothúcháin agus bás a athair ag cur isteach uirthi ar an seit

Cuireadh deireadh le taifeadadh an tsraith nua Bad Sisters ar feadh tamaill, agus Sharon Horgan ag caoineadh báis a hathair.

Tá an scríbhneoir agus aisteoir Shane, a chruthaigh na drámaí grinn Catastrophe agus Bad Sisters, tar éis a rá cé chomh deacair is a bhí sé dul faoi bhrón, agus cuireadh deireadh le taifeadadh an chláir dá bharr.

Sharon Horgan
Sharon Horgan

Fuair John Horgan, athair leis Sharon agus a deartháir Shane Horgan, an t-imreoir rugbaí, bás Mí na Nollag 2023.

Labhair Sharon, atá 54 bliain d’aois, faoin gcaoi gur sheol a deartháir níos óige Mark teachtaireacht chuici faoi radharc ar an sraith a ‘taifeadadh tar éis a fuair Deaide bás’.

Dúirt Sharon: ‘Thaitin an eipeasóid sin go mór le Mark, ach bhí sé an-deacair dom breathnú air.

‘Bhí mo chuid mothúcháin le n-aireachtáil sna radhairc sin. I gcaíonna áirithe ba mhór an faoiseamh é agus tá tú in ann dul i ngleic le do chuid mothúchán agus iad a léiriú.

‘Ach i gcaíonna eile, airíonn tú aisteach mar i ndáiríre, tá tú ag baint úsáide as do mhothúcháin agus airíonn sé sin míshuaimhneach agus cineáil mícheart.’

Dúirt Sharon freisin go raibh ‘mothúcháin aisteach go smior’ inti óna cuid oibre mar aisteoir mar ‘bíonn tú ag dul i ngleic le croíbhriseadh, brón, na mothúcháin láidre seo ar fad agus bíonn tú ag déileáil leo san fhíorshaol agus cuireann sé do chorp faoi bhrú aisteach.

‘Shuí mé le haisteoir agus an ról a bhí aige ná mo dheaide ag fáil bháis. Bhí mé faoi gheasa aige.

‘Is féidir leis a bheith sórt míshláintiúil mar jab. Bhí sé an-aisteach orm dul ar ais ag an obair. I ndeireadh na dála, bhí orainn deireadh a chur leis an léiriúchán mar ní raibh mé in ann aige.’

Labhair Sharon freisin faoin gcaoi go bhfuil níos mó misnigh faighte aici agus í ag druidim i dtreo a 50idí.

‘Bíonn tionchair ag na hormóin orm. Bíonn gach ní á úsáid agam ach tá an ghráin agam ar an gcaoi a léirítear an dul in aois.

‘Cuireann sé isteach go mór orm de bharr mo chuid díomhaointis nádúrtha, ach freisin bíonn sé aisteach glacadh le huimhir éigean nuair atáimse chomh fuinniúil le coileán óg’, a dúirt sí.

‘Déarfainn go bhfuil sé scanrúil freisin, smaoiníonn tú ar do bhás féin i gcaoi dhifriúil nuair a imíonn tuismitheoir leat ar shlí na fírinne. Bímse an-phointeáilte faoin obair a dhéanann, cé leis a oibrím agus an chaoi a chaithimse mo chuid ama.’

Thug sí le fios freisin go ligean sí di féin anois aireachtáil go bhfuil tuiscint cheart aici ar an méid a bhíonn ar bun aici.

Dúirt Sharon: ‘Bíonn misneach ar leith agam agus táim an-bhuíoch dó, mar níl sé go maith a bheith ag siúl timpeall agus ag aireachtáil go bhfuil tú ag éalú thart agus nár tugadh faoi deara é.

‘Tá sé i bhfad níos fearr a bheith in ann aireachtáil gur chóir duit a bheith sna seomraí sin.’

Bad siisters
Bad siisters

Dheimhnigh sí chomh maith go bhfuil sí ag siúl amach le duine nua, tar éis an scartha lena fear céile, an fear gnó Jeremy Rainbird, i 2019.

Sa chlár Bad Sisters, déanann an chlann iarracht cúnamh a thabhairt dá ndeirfiúr Grace (Anne-Marie Duff), atá cleamhnas faoi smacht an fhir chéile.

Faigheann an fear céile bás ar chúis éigean, agus bíonn na deirfiúracha i measc na ndaoine atá faoi amhras.

Chruthaigh Horgan an dráma Divorce freisin, atá le feiceáil ar HBO. Bíonn ról ag na haisteoirí Sarah Jessica Parker agus Thomas Haden Church sa dráma sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram