

Tá ómós tugtha tar éis bhás tragóideach Róisín Cryan, fiancée réalta CLG Mhaigh Eo (Mayo GAA) Conor Loftus.
Fuair Ms Cryan bás Dé Sathairn. B’as Cora Droma Rúisc (Carrick-on-Shannon) in i gCo. Liatroma ó dhúchas í, ach a bhí sí ina cónaí i mBéal an Átha (Ballina) i gCo. Mhaigh Eo.
Fuarthas corp Róisín ó Abhainn na Muaidhe (River Moy) i mBéal an Átha (Ballina).
B’iníon í le Joe agus Marguerite Cryan, agus deirfiúr l’Annmarie, Clare, Ruth agus Maeve.

Ba í an fiancée a bhí ag réalta CLG Mhaigh Eo Conor Loftus, a bhí chun imirt i gCluiche Ceannais na gClubanna i gCraobh Idirmheánach CLG le Crois Ui Mhaoilíona (Crossmolina Deel Rovers) Dé Domhnaigh.
Mar sin féin, tá an cluiche sin curtha ar athló mar gheall ar an tragóid.
Tháinig an-chuid ómóis amach do Róisín i ndiaidh a báis, agus duine amháin ag scríobh: ‘Bhí an t-ádh dearg orm bualadh le Róisín agus mé ag obair léi cúpla bliain ó shin, cailín álainn a bhí inti.
‘Comhbhrón ó chroí le muintir agus cairde grámhara Róisín ar fad.’
Scríobh duine eile: ‘Comhbhrón ó chroí le muintir Uí Chriáin (Cryans) agus le Conchúr (Conor). Is nuacht uafásach é seo. Ag smaoineamh oraibh go léir ag an am deacair seo. Suaimhneas síoraí do Róisín.’
Agus scríobh duine éigin eile: ‘Mo chomhbhrón ó chroí le teaghlaigh Cryan & Loftus. Ba dhuine cineálta agus álainn í Róisín, tá mo smaointe leo siúd is gaire di san am deacair seo.’
Thug Crois Mhaoilíona ómós freisin di tar éis a báis, agus dheimhnigh siad go gcuirfear siar a gcluiche club idirmheánach in aghaidh Bhaile an Doire.
Beidh sí á thórramh (reposing) san Ionad Oidhreachta, An Séipéal Sosa, Lána an Teampaill, Cora Droma Rúisc (The Heritage Centre, Chapel of Rest, Church Lane, Carrick-on-Shannon), Dé Luain, ó 3pm go 7pm.

Aistreofar go Séipéal Naomh Muire (St. Mary’s Church), Cora Droma Rúisc oíche Mháirt ag 6pm.
Aifreann adhlactha Críostaí Dé Céadaoin, 15 Eanáir ag 11am, agus adhlacadh ina dhiaidh sin i Reilig Droim Laighean (Drumlion Cemetery).
Beidh an teach príobháideach i gcónaí, agus ba cheart síntiúis, más mian, dul chuig Club Fo-Uisce (Sub Aqua Club) Gráinne Uaile agus Cuardach agus Tarrtháil Abhainn na Muaidhe (River Moy Search and Rescue).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.