

Reáchtáladh agóid taobh amuigh de Bhanc Ceannais na hÉireann i mBaile Átha Cliath faoina ról maidir le díol bannaí (bonds) Iosrael san Aontas Eorpach a cheadú.
Ghlac na hagóidí páirt i léirsiú (demonstration) Dé Luain i mBaile Átha Cliath, inar iarradh ar an mbanc stop a údarú le díol na mbannaí ar fud mhargaí an Aontais Eorpaigh.

Roghnaigh Iosrael Banc Ceannais na hÉireann mar an t-údarás ainmnithe chun réamheolairí (prospectuses) a cheadú do na hurrúis (securities) san Aontas Eorpach, tar éis dóibh an Bhreatain a úsáid roimh Brexit.
Fógraítear bannaí Iosrael mar bhannaí a thacaíonn le geilleagar na tíre.
Gealltar do shealbhóirí (holders) na n-urrús go n-aisíocfar an phríomhshuim (principal sum) agus an t-ús (interest) tar éis don bhanna aibíocht (matures).
Le blianta beaga anuas, cuireann suímh ghréasáin a chuireann na bannaí chun cinn béim ar a ról ag tacú le hIosrael le linn a n-ionsaithe in Gaza.
Is é an Feachtas Comhbhá na hÉireann leis an bPalaistín (Ireland Palestine Solidarity Campaign, IPSC) a d’eagraigh an agóid.
Chuir siad i leith an Bhainc Ceannais as cinedhíothú (genocide) a chumasú in Gaza trí údarú (authorising) a thabhairt do dhíol na mbannaí.
Dúirt siad go dtugann airgead a bhailítear trí na bannaí maoiniú ar ‘uirlisícinedhíothaithe in Gaza’, Óglaigh Iosrael agus ‘réimeas apartheid in Iosrael’.
Tá an Banc Ceannais freagrach as a mheasúnú an gcomhlíonann réamheolaire (prospectus) le haghaidh urrús a thairiscint ceanglais Rialachán Réamheolaire an Aontais Eorpaigh (European Union Prospectus Regulation).
Dúirt urlabhraí don Bhanc Ceannais go bhfuil sé de dhualgas orthu réamheolairí a shásaíonn na caighdeáin sin a cheadú ach dúirt sé freisin nach moladh é sin.

Dúirt sí: ‘Níor cheart breathnú ar fhaomhadh (approval) mar mholadh.
‘Cloífidh an Banc Ceannais le haon smachtbhannaí airgeadais nó bearta sriantacha atá ann faoin dlí.’
Áitíonn an IPSC, áfach, go bhfuil oibleagáidí ar an mbanc faoin gCoinbhinsiún um Chinedhíothú (Genocide Convention) agus faoi rialachán an Aontais Eorpaigh é féin stop a chur le húdarú na mbannaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.