Diaibéiteas (diabetes) agus galar croí nasctha le deochanna siúcrúla sna milliúin de chásanna nua

08/01/2025

Tá saineolaithe leighis ag iarraidh deochanna siúcrúla a rialú mar gheall ar na naisc le tinnis thromchúiseacha ar nós diaibéiteas (diabetes)

Tá deochanna siúcrúla freagrach as níos mó ná 2.2 milliún cás nua diaibéiteas(diabetes) gach bliain de réir staidéar nua.

Agus tá siad nasctha freisin le 1.1 milliún cás nua de ghalar croí.

Léiríonn anailís ó ar fud an domhain, a foilsíodh san iris Nature Medicine Dé Luain, an ghéarchéim sláinte atá ag fás le diaibéiteas.

Tá deochanna siúcrúla freagrach as níos mó ná 2.2 milliún cás nua diaibéiteas(diabetes)
Tá deochanna siúcrúla freagrach as níos mó ná 2.2 milliún cás nua diaibéiteas(diabetes)

D’iarr údair an staidéir go ndéanfaí pleananna chun diaibéiteas agus tinnis eile a chosc, lena n-áirítear:

• feachtais sláinte phoiblí;

• rialáil ar fhógraíocht deochanna siúcrúla;

• agus cánacha ar dheochanna siúcrúla.

I Meicsiceo, áit atá ceann de na rátaí is airde ar domhan de dheochanna siúcrúla, tugadh isteach cáin orthu in 2014.

‘Mar speiceas, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar dheochanna siúcrúla,’ a dúirt Dariush Mozaffarian, duine d’údair an pháipéir agus stiúrthóir ar an Tuft’s Food Is Medicine Institute.

Dúirt Mozaffarian: ‘Déantar deochanna siúcrúla a mhargú go mór agus a dhíol i náisiúin mheánioncaim agus ar ioncam íseal.

‘Ní hamháin go bhfuil na táirgí dainséaracha á n-ídiú ag na pobail, ach is minic nach mbíonn siad in ann déileáil leis na hiarmhairtí sláinte fadtéarmacha.’

Chuir iris The Lancet síos ar dhiaibéiteas mar an ‘galar den 21ú haois’ in eagarfhocal in 2023, a thuairiscigh go bhféadfadh níos mó ná 1.31 billiún duine a bheith ag maireachtáil le diaibéiteas faoi 2050.

Fuarthas amach i Suirbhé Éire Shláintiúil (Healthy Ireland Survey) gur thuairiscigh beagnach dhá thrian (65%) de mhuintir na hÉireann go n-itheann siad sneaiceanna nó go n-ólann siad deochanna siúcrúla go laethúil.

Maoiníonn sé freisin go n-ólann 15% de mhuintir na hÉireann deochanna siúcrúla go laethúil, agus is dóichí go n-ólfaidh fir idir 15-24 an chuid is mó (29%).

D’iarr údair an staidéir go ndéanfaí pleananna chun diaibéiteas agus tinnis eile a chosc
D’iarr údair an staidéir go ndéanfaí pleananna chun diaibéiteas agus tinnis eile a chosc

Tá diaibéiteas ag thart ar 830 milliún duine ar fud an domhain, an chuid is mó ina gcónaí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (World Health Organisation).

Is iad galair croí an phríomhchúis le bás ar fud an domhain, agus meastar go dtógann siad 17.9 milliún duine in aghaidh na bliana.

Tarlaíonn níos mó ná trí cheathrú de na básanna seo i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram