D’fhéadfadh tástáil fola a insint do dhaoine an bhfuil siad i mbaol diaibéiteas cineál 2 a fháil laistigh de deich mbliana.
Ní fios cé méid daoine a bhfuil ‘prediabetes’ acu, sé sin daoine a bhfuil seans 50/50 acu diaibéiteas a fháil sna cúig nó deich mbliana atá romhainn.
Mar sin féin thaispeáin staidéar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath go raibh sé ag 5.5% den daonra in 2015.
Níl aon chomharthaí rabhaidh (warning signs) ag na daoine atá i mbaol diaibéiteas, mar ní thagann comharthaí cosúil le tart iomarcach (excessive thirst) go dtí go bhfuil diaibéitis ag duine.
D’fhéadfadh sé sin athrú, áfach, de réir mar a d’fhorbair eolaithe tástáil fola chun comharthaí luatha diaibéiteas cineál 2 a lorg.
Lorgaíonn an tástáil ‘methylation’I DNA, is é sin athruithe ceimiceacha san fhuil a thaispeánann gníomhaíocht géinte (gene activity) atá nasctha le diaibéiteas.
Is féidir leis an ngníomhaíocht sin a léiriú an bhfuil duine sna céimeanna tosaigh do diaibéiteas.
Is féidir tuar (prediction) níos cruinne a dhéanamh nuair a chuirtear rioscaí eile san áireamh, mar shampla aois, meáchan agus stair diaibéiteas sa teaghlach.
Dúirt an tOllamh Riccardo Maronii, príomhúdar an staidéir a d’fhorbair an tástáil fola, ó Ollscoil Dhún Éideann (Edinburgh): ‘D’fhéadfadh tástáil fola a thaispeánann daoine a riosca diaibéiteas cineál 2 a fhorbairt a bheith mar chuid de chóras sláinte feabhsaithe amach anseo.’
Chun an tástáil fola a fhorbairt, d’fhéach na taighdeoirí ar 14,613 duine a d’aontaigh go ndéanfaí monatóireacht ar a sláinte ar feadh 15 bliana, i staidéar in Albain.
Agus leath den ghrúpa seo á n-úsáid acu, d’fhéadfaidís a fheiceáil conas a bhí difríocht idir fuil na ndaoine sin a d’fhorbair diaibéiteas cineál 2 agus iad siúd nach raibh.
Sheiceáil siad ansin cé chomh maith agus a d’oibreodh a dtástáil ar an leath eile – chun cásanna a thuar a tharla laistigh de na deich mbliana tar éis tástáil fola a dhéanamh.
D’fhéadfadh an tástáil fola, a tuairiscíodh san iris Nature Aging, 18% breise a phiocadh suas de na daoine a fuair diaibéiteas cineál 2 sna deich mbliana os a gcomhair.
Mar sin féin, aimsítear 30% de chásanna ag baint úsáide as an modh caighdeánach a úsáideann dochtúirí. Dá ndéanfadh siad an tástáil fola freisin, d’fhéadfaí 48% de na cásanna a aimsiú.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.